Skip to Content

Seoladh Straitéis Nua Deich mBliana um Shábháilteacht ar Bhóithre an Rialtais - an chéad chéim i dtreo ‘Fís an Nialais'

road safety strategy 14.12.2021
  • Áirítear ar na spriocanna uaillmhianacha laghdú 50% ar líon na bhásanna agus ar ghortuithe tromchúiseacha ar bhóithre faoi 2030
  • Trí chéim de phleananna gníomhaíochta thar shaolré na straitéise chun básanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú
  • Infheistíocht €3.8bn réamh-mheasta i sábháilteacht ar bhóithre le linn na chéad chéime den phlean gníomhaíochta go 2024

Inniu, sheol an tAire Stáit sa Roinn Iompair Hildegarde Naughton, TD, cúigiú Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 na hÉireann.


Is í príomhaidhm straitéis nua um shábháilteacht ar bhóithre an rialtais ná líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú 50% sna 10 mbliana amach romhainn. Is éard is brí leis seo, básanna ar bhóithre na hÉireann a laghdú go bliantúil ó 144 go 72 nó níos ísle agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú ó 1,259 go 630 nó níos ísle faoi 2030.


Seachadfar an Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 i dtrí chéim. Tacaíonn infheistíocht réamh-mheasta €3.8bn le Céim 1 a mhairfidh ó 2021 go 2024 agus áirítear leis 50 gníomh ardtionchair agus 136 gníomhaíocht tacaíochta.


Is í an straitéis seo an chéad chéim chun gealltanas Chlár 2020 don Rialtas a bhaint amach maidir le hÉirinn a thabhairt chuig 'Fís an Nialais'. Is é sin chun deireadh a chur le gach bás agus gortú tromchúiseach ar bhóithre na hÉireann faoin mbliain 2050. Cuireann an Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 leis an dul chun cinn a rinneadh le linn na straitéise deiridh um shábháilteacht ar bhóithre inar bhain Éire an líon is ísle básanna bliantúla ar bhóithre amach ó cuireadh tús le taifid agus an dara ráta is ísle de bhásanna ar bhóithre san Aontas Eorpach in 2019. 


Ag labhairt di ag seoladh na straitéise, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton, TD, “Ag croílár na Straitéise um Shábháilteacht ar Bhóthair seo tá athrú. Tá athrú ag teacht ar an gcaoi a n-úsáidimid ár mbóithre. Mar sin, ní mór dúinn an chaoi a dtuigimid agus a smaoinímid ar shábháilteacht ar bhóithre a athrú. Ní mór dúinn ár ndearcthaí agus ár n-iompraíocht a choigeartú lena thabhairt san áireamh nach mbaineann tosaíocht le cóir iompair amháin thar a chéile. Tá gach úsáideoir bóthair i dteideal ár mbóithre a úsáid agus gan a sábháilteacht nó a mbeatha a bheith i mbaol mar gheall ar iompar contúirteach daoine eile. Leagtar amach sa Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre seo na céimeanna a chaithfimid a ghlacadh chun básanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath sna deich mbliana amach romhainn agus chun na méadrachtaí a sholáthar lena ndéanfaimid ár bhforás a thomhas. Mar sin féin, ní bhaineann croí na straitéise le focail ná uimhreacha ar leathanach, ach le beatha daoine a shábháil agus gortuithe a chosc. Baineann sé le daoine. Tá an straitéis seo ann dóibh siúd go léir a úsáideann ár mbóithre, agus a bhfuil sé de cheart acu é sin a dhéanamh ar bhealach sábháilte.”


Agus é ag trácht ar an straitéis, dúirt an tAire Iompair, Eamon Ryan, T.D., "Beidh an straitéis seo ar an gcéad chéim ar ár dturas chun Fís an Nialais a bhaint amach, is é sin gan aon bhás ná gortú tromchúiseach a bheith ar bhóithre faoi 2050. Is straitéis uaillmhianach í. Sin é an fáth go bhfuil sprioc leagtha síos againn chun líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú faoina leath faoi 2030. Tugtar tosaíocht sa straitéis seo do shábháilteacht na ndaoine is leochailí, chun a chinntiú go gcosnaítear a gceart chun taisteal ar na bóithre go sábháilte. Aithnítear ann freisin nach bhfuil ann don bheartas sábháilteachta as féin; caithfear an t-athrú sochaíoch agus éilimh shóisialta níos leithne a léiriú ann. Léirítear ábhair imní faoin athrú aeráide agus faoin ngá lenár n-iompar a athrú san fhás méadaithe sa taisteal gníomhach ar fud na hÉireann. Caithfimid níos mó daoine a spreagadh chun bealaí inbhuanaithe iompair a úsáid, e.g. rothaíocht, siúl agus iompar poiblí a úsáid, agus caithfear tacú leis inár smaointeoireacht straitéiseach maidir le sábháilteacht ar bhóithre.”



Dúirt Cathaoirleach an RSA, Liz O’Donnell, “Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Éirinn thar shaolré na straitéisí um shábháilteacht ar bhóithre roimhe seo. Ó seoladh an chéad Straitéis Sábháilteachta ar Bhóithre riamh thiar in 1998, tá laghdú beagnach 70% ar bhásanna ar bhóithre. Is féidir básanna ar bhóithre agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú 50% sna deich mbliana amach romhainn. Beidh gnóthú Fhís an Nialais faoi 2050 indéanta. Is féidir linn é a réadú. I bhfianaise ár dturais sábháilteachta ar bhóithre go nuige seo, níl aon sprioc ann a bheidh ró-uaillmhianach dúinn. Gach lá, gach deireadh seachtaine, gach seachtain gan bás nó gortú tromchúiseach i do phobal, sin Fís an Nialais i ngníomh. Cuirtear tús leis má aithnítear nár cheart go mbeadh básanna ar bhóithre ná gortuithe tromchúiseacha mar an praghas le híoc as ár soghluaisteacht.”


Dúirt Príomhfheidhmeannach an RSA, Sam Waide, “Forbraíodh Straitéis nua um Shábháilteacht ar Bhóithre an rialtais de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, agus i gcomhar le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, lena n-áirítear geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le gníomhartha um shábháilteacht ar bhóithre a sheachadadh agus iad siúd a bhfuil spéis acu sa réimse. Thug an pobal a dtuairimí freisin. Chuamar i mbun próiseas comhairliúcháin phoiblí i bhforbairt na straitéise seo, agus fuaireamar níos mó ná 2,000 aighneacht. Is féidir linn a rá go fírinneach gur mhúnlaigh an pobal an chaoi a mbeimid ag tabhairt aghaidh ar shábháilteacht ar bhóithre sna deich mbliana amach romhainn. Ach beidh ar gach úsáideoir bóthair agus comhpháirtithe seachadta a gcuid féin a dhéanamh chun ár sprioc maidir le básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre a laghdú 50% faoi 2030. Tá an Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre tiomanta do thráma bóthair a laghdú trí ghníomhartha dírithe, intomhaiste, comhpháirtíochtaí níos doimhne atá ann cheana, comhpháirtíochtaí nua agus comhoibriú, claochlú agus rialachas níos láidre. Tá rún daingean againn na spriocanna seo a sheachadadh.”


Beidh trí chéim i gceist i Straitéis nua Sábháilteachta ar Bhóithre an rialtais 2021-2030: 

Plean Gníomhaíochta Chéim 1: 2021-2024, 

Plean Gníomhaíochta Chéim 2: 2025-2027 agus 

Plean Gníomhaíochta Chéim 3: 2028-2030. 


Áirítear i gCéim 1 den Phlean Gníomhaíochta (2021-2024) a foilsíodh in éineacht leis an doiciméad straitéise deich mbliana, 50 gníomh ardtionchair - iad siúd a mbeidh tionchar díreach acu ar laghdú básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann. Áirítear ar roinnt de na gníomhartha ardtionchair:

  • Grúpa oibre a bhunú chun an creat chun teorainneacha luais a leagan amach a scrúdú agus a athbhreithniú. Mar chuid den athbhreithniú seo déanfar breithniú sonrach ar luasteorainn réamhshocraithe 30km/u a thabhairt isteach i gceantair uirbeacha.
  • Bearta bainistíochta luais a leathnú ar bhóithre Náisiúnta, Réigiúnacha agus Áitiúla ag baint úsáide as Teorainneacha Luais Thréimhsiúla ag scoileanna, Comharthaí a Ghníomhachtaíonn Feithiclí agus Ceamaraí Meánluais i gcomhar leis an nGarda Síochána ag suíomhanna ardriosca iomchuí.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú an chórais ceamara sábháilteachta soghluaiste chun a éifeachtúlacht a uasmhéadú maidir le cionta tráchta ar bhóithre a bhrath
  • Iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht do thairseach ar líne le haghaidh úsáideoirí bóithre le scannánaíocht a uaslódáil de chionta tráchta a d’fhéadfadh cabhrú le hionchúiseamh.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar na pionóis i leith cionta tráchta bóthair tromchúiseacha lena n-áirítear na nithe seo a leanas: tiomáint lagaithe, luas, úsáid fón póca, gan criosanna sábhála a chaitheamh, leanaí gan srian a iompar i bhfeithicil.
  • Reachtú do smachtbhannaí méadaithe maidir le húsáid ildrugaí agus alcóil le linn tiomána.
  • Le linn na tréimhse 2021 go 2025, tógfar 1,000km d’áiseanna siúil agus rothaíochta deighilte ar an ngréasán bóithre náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha, nó beidh siad á dtógáil, chun socruithe sábháilte rothaíochta agus siúil a sholáthar d’úsáideoirí de gach aois.
  • Táscaire rátála sábháilteachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don bhonneagar náisiúnta bóithre, a chabhróidh chun infheistíocht a dhíriú ar chodanna de bhóithre náisiúnta a bhfuil an riosca is airde báis nó gortuithe tromchúiseacha ag baint leo.
  • Deireadh a chur le minicíocht tiománaithe ceadúnais foghlaimeora gan tionlacan. Líon na dtiománaithe gluaisteáin foghlaimeora ag a bhfuil an tríú ceadúnas foghlaimeora nó níos mó a laghdú ó 24.6% chuig uasmhéid 10% faoi 2024. Reachtú chun bearta breise a thabhairt isteach chun glacadh na tástála tiomána ag daoine a bhfuil ceadanna foghlaimeora iomadúla acu a chur chun cinn agus machnamh a dhéanamh ar oiliúint éigeantach tiománaithe a thabhairt isteach chuige seo.
  • Tosaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí tarrthála a bhaineann leis an Rialachán Ginearálta Sábháilteachta (GSR) lena n-áirítear Cúnamh Luas Chliste (ISA) ar charranna agus fís dhíreach d’fheithiclí tráchtála.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas agus ar reachtaíocht tráchta ar bhóithre chun tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht siúlóide agus rothaíochta.


Chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht le linn na chéad chéime den straitéis socraíodh roinnt spriocanna eatramhacha chun tacú leis an gcuspóir foriomlán básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre a laghdú 50% faoi 2030. 

  • Faoi 2024, bainfimid amach laghdú 15% ar líon na mbásanna ar bhóithre na hÉireann, i.e. ó 144 go 122 nó níos ísle.
  • Faoi 2024, bainfimid amach laghdú 10% ar líon na ndrochghortuithe ar bhóithre na hÉireann, i.e. ó 1,259 go 1,133 nó níos ísle.


Tá an straitéis faoi stiúir cur chuige Córais Shábháilte, a mheastar mar chleachtas is fearr go domhanda maidir le straitéisí um shábháilteacht ar bhóithre a sheachadadh. Leagtar béim sa chur chuige Córais Shábháilte ar fhreagracht chomhroinnte ina measc siúd a dhearann, a thógann, a bhainistíonn agus a úsáideann na bóithre agus na feithiclí chun tuairteanna ó imbhuailtí a chosc nó a laghdú, agus orthu siúd a chuireann freagairt iarthimpiste ar fáil chun díobháil a mhaolú. Cuirfear straitéis um shábháilteacht ar bhóithre na hÉireann don 10 mbliana romhainn ar fáil le béim níos mó ar sholáthar feabhsuithe bonneagair agus sábháilteachta feithiclí, iompraíochtaí agus forfheidhmiú feabhsaithe úsáideoirí bóthair, agus freagairt iarthimpiste. 


Is féidir an plean gníomhaíochta do Chéim 1 (2021-2024) agus an Strait��is um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 a fháil ar shuíomh Gréasáin an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.


Nótaí  

Maidir le straitéis 2021–2030, glacadh le seacht réimse idirghabhála tosaíochta don Chóras Sábháilte, agus tugtar thíos an aidhm do gach ceann díobh sin:

  1. Bóithre agus taobhanna bóthair sábháilte. Chun cáilíocht chosantach ár mbóithre agus ár mbonneagair a fheabhsú.
  2. Luasanna sábháilte. Luasanna a laghdú go leibhéil shábháilte oiriúnacha do na bóithre á n-úsáid, agus do na húsáideoirí bóithre a úsáideann iad.
  3. Feithiclí sábháilte. Gnéithe sábháilteachta agus ródacmhainneacht feithiclí ar ár mbóithre a fheabhsú.
  4. Úsáid shábháilte bhóithre. Caighdeáin agus iompraíocht úsáideoirí bóthair a fheabhsú i gcomhréir leis an reachtaíocht tráchta, le tacaíocht ó fhorfheidhmiú.
  5. Freagairt Iarthimpiste. Chun cóireáil agus athshlánú na dtaismeach imbhuailtí a fheabhsú.
  6. Modhanna taistil sábháilte agus sláintiúla. Úsáideoirí bóthair atá ag gabháil don iompar poiblí nó gníomhach a chur chun cinn agus a chosaint.
  7. Úsáid shábháilte bóithre a bhaineann leis an obair. Bainistíocht sábháilteachta ar thurais a bhaineann leis an obair a fheabhsú.


Tá glacadh leis an gcur chuige Córais Shábháilte mar bhonn taca faoin straitéis 2021–2030 seo agus sprioc fhadtéarmach na hÉireann chun Fís an Nialais a bhaint amach (i.e. básanna nó gortuithe tromchúiseacha nialasacha ar bhóithre) faoi 2050. Glacadh Fís an Nialais go foirmiúil i gClár Rialtais na hÉireann in 2020 agus tá sé mar bhonn agus taca faoi Chreat Beartais Sábháilteachta ar Bhóithre an Aontais Eorpaigh (2021–2030).