Skip to Content

An Líon is Ísle Básanna ar Bhóithre ó Thosaigh na Taifid in 1959

Road Users 01.01.2022
  • Titim 7% ar líon na mbásanna ar bhóithre in 2021 i gcomparáid le 2020
  • Fuair 19 gcoisí bás in 2021, an figiúr ab ísle ó thosaigh na taifid
  • B’fhir iad beagnach trí cheathrú de na básanna go léir in 2021
  • Meabhraíonn an deireadh tragóideach le 2021 dúinn cé chomh leochaileach is a bhíonn beatha daoine ar an mbóthar  

Léiríonn staitisticí sealadacha maidir le himbhuailtí gur thit líon na mbásanna ar bhóithre in Éirinn in 2021 go dtí an leibhéal ab ísle riamh, rud a fhágann gurbh í an bhliain ba shábháilte í ó tosaíodh ag taifeadadh básanna ar na bóithre den chéad uair in 1959. 

Fuair 136 duine ar fad bás i 123 imbhualadh marfach ar bhóithre in 2021 i gcomparáid le 146 bás i 135 imbhualadh marfach ar bhóithre in 2020. Is ionann é sin agus laghdú 10 cheann ar líon na mbásanna nó titim 7% ar bhásanna ar na bóithre i gcomparáid leis an mbliain seo caite*. D’fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) na figiúirí inniu, Dé Sathairn, an 1 Eanáir 2022, tar éis don Gharda Síochána anailís a dhéanamh ar thuarascálacha sealadacha imbhuailtí marfacha.  

Léiríonn na figiúirí freisin, cé gur maraíodh 19 gcoisí in 2021, gurb é seo an líon is ísle básanna coisithe le 25 bliana anuas (níl miondealú de réir úsáideoirí bóithre ar fáil ach ó 1996). Tháinig méadú ar líon na mbásanna i measc tiománaithe (71, +10) agus gluaisrothaithe in 2021 (22, +5). Léiríonn figiúirí sealadacha maidir le gortuithe tromchúiseacha gur taifeadadh 1,091 gortú tromchúiseach suas go dtí an 21 Nollaig 2021 i gcomparáid le 1,105 sa bhliain 2020.

Ag trácht di ar fheidhmíocht na tíre maidir le sábháilteacht ar bhóithre in 2021, dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton: “Tá fáilte mhór roimh an nuacht go bhfuil laghdú tagtha i mbliana ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar na bóithre. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le húsáideoirí bóithre as bliain níos sábháilte a dhéanamh di, go háirithe nuair a bhí 2020 ina bliain chomh dona ó thaobh na sábháilteachta ar bhóithre de.

Is eol dom, áfach, nach aon sólás an nuacht seo dóibh siúd a gortaíodh agus na teaghlaigh a fágadh faoi bhrón tar éis duine muinteartha a chailleadh. Cuireann sé i gcuimhne dúinn gur iomarca bás amháin nó gortú tromchúiseach amháin fiú. Léirítear é seo in uaillmhian Straitéis Sábháilteachta ar Bhóithre an Rialtais, 2021 go 2030, a seoladh le déanaí, ‘Ár dTuras i dtreo Fhís an Nialais’. Tá sé mar aidhm aici básanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú 50% as seo go ceann deich mbliana agus gan aon bhás ná gortú tromchúiseach a bheith ar an mbóthar faoi 2050.”

Dúirt Liz O'Donnell Uasal, Cathaoirleach an RSA, “Ciallaíonn an laghdú ar na básanna ar bhóithre i mbliana go bhfuil beatha daoine sábháilte. Cé nach mbíonn a fhios againn riamh cérbh iad na daoine seo, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag an bpobal a úsáideann na bóithre nach raibh ar an líon céanna teaghlach déileáil le tráma bóthair mar gheall ar na roghanna agus na gníomhartha a rinne siad. Mar sin féin, mar a léirigh an tseachtain seo atá imithe is féidir le tragóid ar an mbóthar tarlú ar an toirt, ní mór dúinn go léir a bheith feasach ar chomh leochaileach agus atá ár mbeatha agus a bheith thar a bheith cúramach ar an mbóthar.”

Dúirt an tUasal O'Donnell freisin, “Ag féachaint ar na sonraí sealadacha maidir le himbhuailtí bóthair, is ábhar misnigh é a fheiceáil go raibh laghdú ar líon na mbásanna paisinéirí, coisithe agus rothaithe i mbliana. Mar sin féin, is ábhar imní é an méadú ar líon na dtiománaithe agus na ngluaisrothaithe a fuair bás. Is ábhar imní freisin an líon gortuithe tromchúiseacha. Le haghaidh gach bás ar bhóithre in 2021, gortaíodh go tromchúiseach os cionn ochtar. Ní mór dúinn go léir díriú ar ghortuithe tromchúiseacha a chosc an bhliain seo chugainn. Ós rud é gur fir a bhí i 74% de na básanna ar fad ar na bóithre, ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag díriú ar idirghabhálacha ar an ngrúpa seo. Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid leis an treocht anuas thar gach catagóir úsáideoirí bóithre in 2022 agus ina dhiaidh sin. Is é an tosaíocht atá againn go léir, ranna rialtais, gníomhaireachtaí, tionscail, comhlachtaí ionadaíocha, agus daoine aonair ná glacadh leis an bhfreagracht chomhroinnte atá ag croílár na straitéise nua um shábháilteacht ar bhóithre.”

Dúirt an Coimisinéir Cúnta Paula Hilman, Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht Pobail an Gharda Síochána, “Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le tromlach na n-úsáideoirí bóithre atá géilliúil don dlí a ghníomhaigh go freagrach in 2021 agus leis na húsáideoirí bóithre a thacaigh le tionscnaimh um shábháilteacht ar bhóithre de chuid an Gharda Síochána agus an RSA. Ar an drochuair, tá roinnt tiománaithe ann a chuireann, ní hamháin a mbeatha féin, ach beatha úsáideoirí bóthair eile i mbaol.”

Le linn 2021:

  • Braitheadh breis agus 175,000 tiománaí ag déanamh cionta luais; 
  • Braitheadh breis agus 23,000 ag baint úsáid as fón póca agus iad ag tiomáint;
  • Gabhadh beagnach 8,800 duine as tiomáint faoi thionchar meiscigh
  • Braitheadh breis is 7,000 duine mar gheall ar chionta criosanna sábhála.
  • Braitheadh breis agus 7,500 tiománaí foghlaimeora leo féin.

Lean an Coimisinéir Cúnta Hilman ar aghaidh, “Agus muid ag druidim le 2022, ba mhaith liom ár dtiomantas a athdhearbhú go leanfaidh póilíneacht bóithre agus sábháilteacht ar bhóithre de bheith mar chroíchuspóir i bPlean Bliantúil Póilíneachta an Gharda Síochána. Leanfaimid orainn ag díriú ar na príomhchionta tarrthála: luas, tiomáint faoi thionchar meiscigh, gan criosanna sábhála a chaitheamh, fón póca a úsáid agus tú ag tiomáint agus tiománaithe foghlaimeora ag tiomáint leo féin.”

Dúirt Sam Waide, Príomhfheidhmeannach an RSA “Tá fáilte roimh an laghdú ar bhásanna agus gortuithe tromchúiseacha ar na bóithre, ach níor cheart dúinn glacadh le 136 bás agus 1,091 gortú tromchúiseach ar ár mbóithre. D’fhéadfaí formhór na n-imbhuailtí a sheachaint. Tar éis sheoladh straitéis nua an rialtais um shábháilteacht ar bhóithre le déanaí, tá ‘Fís an Nialais’ glactha ag Éire anois. Tá aontaithe againn go léir anois deireadh a chur le básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar na bóithre faoi 2050, agus sa téarma láithreach go dtí 2030, básanna agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú 50%. Tá sé ríthábhachtach go dtógfaimid ar an dul chun cinn atá déanta sa tsábháilteacht ar bhóithre i mbliana.

Ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth. Is féidir é a dhéanamh; caithfear é a dhéanamh. Is í an straitéis ár mbealach chuige sin. Agus muid ag obair le chéile, leis an maoiniú a theastaíonn, ní mór dúinn leanúint le cur i bhfeidhm na 50 gníomh ardtionchair a aithníodh lena ndéanamh sa chéad Phlean Gníomhaíochta den Straitéis nua um Shábháilteacht ar Bhóithre.”

Is féidir an Tuarascáil Shealadach ar Staidreamh Taismí Bóthair don bhliain 2021 a fháil ar shuíomh Gréasáin an RSA. Tá miondealú ‘de réir Contae’ ar bhásanna ar na bóithre in 2021 i gcomparáid le 2020 curtha ar fáil i dTábla 3 thíos agus tá grafaic léarscáile ar fáil anseo freisin

*Tabhair faoi deara, tá na figiúirí sealadach agus d’fhéadfadh athrú teacht orthu.

Nótaí

Tábla 1. Básanna Úsáideoirí Bóthair amhail an 31 Nollaig 2021* i gcomparáid le 2020

Úsáideoir Bóthair
20202021Difríocht
Tiománaithe
6171+10
Paisinéirí
2517-8
Gluaisrothaithe
1722+5
Rothaithe
107-3
Coisithe3219-13
Eile
10-1
Iomlán 
146136-10

Tá sonraí 2020 agus 2021 sealadach agus d’fhéadfadh athrú teacht orthu.

Príomhstaidreamh Ceannlíne ón Athbhreithniú ar Shábháilteacht ar Bhóithre in 2021

  • Amhail an 31 Nollaig 2021, bhí 123 imbhualadh marfacha, as ar eascair 136 bás ar bhóithre na hÉireann.
  • Is ionann é sin agus laghdú 12 cinn ar líon na n-imbhuailtí marfacha agus laghdú 10 cheann ar líon na mbásanna (-7%) i gcomparáid le sonraí sealadacha an Gharda Síochána don bhliain 2020.
  • As na básanna, tharla 24% ar bhóthar uirbeach agus 76% ar bhóthar tuaithe.
  • Bhí os cionn leath na ndaoine a bhásaigh idir 16 agus 45 bliana d’aois (55%)
  • B'fhir óga iad 74% duine díobh (100) agus ba mhná óga iad 26% (36).
  • Tharla an líon ab airde básanna in Aibreán (18), Iúil (17), Nollaig (19) agus Lúnasa (22).
  • Ba é Dé Máirt (24) an lá ba chontúirtí in 2021, agus De Déardaoin (22), Dé Luain (21) agus Dé Sathairn (21) ina dhiaidh sin.
  • Tharla 49% de na básanna idir 2pm agus 10pm
  • Tharla an líon ab airde básanna i mBaile Átha Cliath (21), sa Mhí (14), i nGaillimh (12), agus i dTiobraid Árann (11) (42% den iomlán)

Tábla 2. Básanna ar Bhóithre in Éirinn 1959 go 2021

Bliain
Líon na mBásanna ar Bhóithre
BliainLíon na mBásanna ar Bhóithre
19593061990478
19603021991445
19613321992415
19623391993431
19633351994404
19643411995437
19653561996453
19663821997472
19674161998458
19684471999413
19694622000415
19705402001411
19715762002376
19726402003335
19735922004374
19745942005396
19755862006365
19765252007338
19775832008279
19786282009238
19796142010212
19805642011186
19815722012163
19825332013188
19835352014192
19844652015162
19854102016182
19863872017155
19874622018137
19884632019140
19894602020146
2021*136

*Go dtí Dé Máirt, an 24 Eanáir 2022

Is sonraí sealadacha iad sonraí 2018, 2019, 2020 agus 2021 agus d’fhéadfadh athrú teacht orthu.

Tábla 3. Miondealú ar na básanna ar bhóithre de réir contae 2021 v 2020

Contae 
20202021
Ceatharlach
30
An Cabhán
25
An Clár
32
Corcaigh
228
Dún na nGall
107
Baile Átha Cliath
2021
Gaillimh
512
Ciarraí
96
Cill Dara
47
Cill Chainnigh
52
Laois02
Liatroim
10
Luimneach
56
An Longfort
03

97
Maigh Eo
54
An Mhí 
814
Muineachán35
Uíbh Fhailí
40
Ros Comáin
52
Sligeach
21
Tiobraid Árann
711
Port Láirge
21
An Iarmhí 
42
Loch Garman77
Cill Mhantáin11
Iomlán 
146136

Tá na sonraí sealadach agus d’fhéadfadh athrú teacht orthu.