Skip to Content

Tá an tAire Naughton chun an fhineáil a eiseann nuair a dhéantar neamhaird de mhaoir tráchta scoile a dhúbailt

Education 26.08.2022
  • Lainseáileann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre tairseach foghlamtha nua ar líne chun oideachas i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre a chur ar dhaoine a théann ar scoil
  • Spreagtar tiománaithe a bheith ag faire amach do pháistí mar tá na scoileanna ar tí a bheith ar oscailt arís

D'fhógair an tAire stáit sa Roinn Iompair Ms. Hildegarde Naughton go bhfuil sé beartaithe aici an fineáil gan stopadh ag comhartha an mhaoir scoile a dhúbailt. Méadófar an fhíneáil ó €80 go €160. Fógraítear seo nuair atá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus An Garda Síochána ag impí ar thiománaithe a bheith ag faire amach do pháistí nuair atá siad ag fileadh ar ais ar scoil.

Rinneadh an achainí chun na bóithre a roinnt go sábháilte le daltaí atá ag filleadh ar ais ag seoladh an Tairsí foghlamtha, tairseach nua ar líne de chuid an RSA ar eachtraíocht 3T i leith shábháilteacht ar bhóithre í roimh tús na bliana acadúla nua. An aidhm atá ag an Tairseach foghlamtha ar líne oideachas i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre a chur ar dhaltaí bunscoile agus meánscoile i dtimpeallacht shábháilte, shultmhar, idirgníomhach agus inrochtana sa bhaile agus sa seomra ranga. Bhí an RSA ag súil dul ar aghaidh le hathruithe ionas gurbh fhéidir leo eispéireas foghlamtha den scoth i leith shábháilteacht ar bhóithre a chur ar fáil do na daltaí go léir. Is mol foghlamtha fíorúil é an tairseach foghlamtha teicneolaíocht, mol a chuireann chun tairbhe teicneolaíocht atá nuálach.

Taispeáineann an áit fhíorúil nua topaicí i leith shábháilteacht ar bhóithre lena n-áirítear an Cód sábhála, criosanna sábhála, tiomáint ar seachrán, na torthaí a tharlaíonn de bharr thiomáint ar meisce nó faoi thionchar drugaí, agus tiomáint róthapa. Is áit shábháilte ar líne a bhfuil oideachasóirí RSA in ann múinteoirí agus daltaí a tharraingt trí thairseach foghlamtha den scoth. Is abhatáir iad na daltaí a bíonn gafa sa teachtaireacht thábhachtach mar gheall ar shábháilteacht ar bhóithre a gcaithfidh siad a bheith ar an eolas fúithi, fad is a bhíonn siad ag crochadh thart i seomraí sultmhara téamúla lena gcairde.

Agus í ag an lainseáil, dúirt Ms Hildegarde Naugton, an tAire Stáit sa Roinn Iompair: "Le déanaí d'fhógairíos go mbeidh na fíneálacha á ndúbailt le haghaidh na príomhchionta tráchta atá ag cur úsáideoirí bóithre sa bhaol is mó ar ár mbóithre. Mar chuid de seo, tá sé ar intinn agam an fhíneáil a dhúbailt ó €80 go €160 le haghaidh tiománaithe nach stopann ag comhartha mhaoir scoile. Ionchasaím go mbeidh an beart seo i bhfeidhm go luath. Is oibrithe bóthair leochaileacha iad maoir tráchta scoile Tá sé de fhreagracht acu páisti a choimeád slán sábháilte. Ach chun é sin a dhéanamh cuireann siad iad féin i mbaol gach uair a chuireann siad cos ar an mbóthar. Oibríonn siad ar gach saghas bóithre idir bhóithre náisiúnta agus bóithre beaga áitiúla agus ag uaireanta an lae a mbíonn trácht trom orthu. Tá ár meas agus timpeallacht oibre atá slán sábháilte tuillte acu. Moilligí síos sna ceantair scoile, bígí ag faire amach do pháistí agus do mhaoir tráchta scoile. An rud is tábhachtaí tugaigí aird ar a gcuid treoracha chun stopadh."

Dúirt Mr Sam Waide, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre: 'Táimid ar bís faoi lainseáil ár dTairsí foghlamtha nua ar líne, tairseach a chuirfidh oideachas ar pháistí faoi shábháilteacht ar bhóithre i dtimpeallacht shultmhar idirgníomhach ag baint úsáid as teicneolaíocht nuálach. Príomhréimse idirghabhála sa straitéis an Rialtais mar gheall ar shábháilteacht ar bhóithre 'Úsáid shábháilte bhóithre', tá sé mar aidhm againn leis an eispéireas fíorúil ar líne nua nósanna maithe mar gheall ar shábháilteacht ar bhóithre agus eolas a chothú ag aois luath, ar son fhoghlaim don saol. Ba mhaith liom príomhoidí agus foirne scoile a mheabhrú na treoracha atá againn chun sábháilteacht ar bhóithre i gceantair scoile a fheabhsú. Cabhróidh na treoracha sin leo chun plean aicsin mar gheall ar shábháilteacht ar bhóithre a chur i bhfeidhm agus chun priacail a shainaithint agus a bhainistiú ag slí isteach na scoile. Tá na treoracha ar fáil ar RSA.ie."

Dúirt Coimisinéir Cúnta Paula Hilman ón bPóilíniú Bóithre agus Idirghábháil an Phobail sa Gharda Síochána: "Ní mór do thiománaithe a bheith níos airdeallaí nuair a fhilleann páistí ar scoil. Beidh níos mó tráchta fad is a mbíonn tuismitheoirí ag fágáil daltaí ag an scoil agus iad á mbailiú uaithi. Ba mhaith liom tuismitheoirí a spreagadh gan baol a chruthú trí pháirceáil dhúbáilte a dhéanamh nó trí pháirceáil ar línte buí, rudaí ar cionta iad a bhíonn ina gcúiseanna bac dáinséarach timpeall gheata na scoile. D'iarfainn ar thuismitheoirí caint lena bpáistí faoi shábháilteacht ar bhóithre, cibé slí a théann siad ar scoil; ag siúl, ag rothaíocht nó ag taistil sa charr nó ar an mbus. Agus a thuismitheoirí ná déanaigí dearmad an rud ceart a dhéanamh, déanfaidh bhur bpáistí aithris ar bhur n-iompraíochtaí. Tá sé fíorthábhachtach go moilleann tiománaithe síos gar do scoileanna agus go mbíonn siad ag faire amach do pháistí a d'fhéadfaí a bheith ag siúl nó ag rothaíocht ar scoil."

Meabhraítear do thiománaithe go mbeidh méadú ollmhór den trácht scoile sna laethanta amach romhainn. Ba cheart go mbeadh siad ag súil le méadú i líon na bpáistí a úsáideann 'modhanna gníomhacha' taistil cosúil le rothaíocht, de shiúl na gcos nó scútáil chun teacht ar scoil.

Go dtí seo i 2022, fuair 105 duine bás ar bhóithre na hÉireann, 17 níos mó ná an tréimhse chéanna i 2021.

Tá treoracha an RSA mar gheall ar 'Ag feabhsú sábháilteacht ar bhóithre timpeall scoileanna' ar fáil anseo.

Is féidir féachaint ar thairseach foghlamtha an RSA, físeán promóisin d'eachtraíocht 3T anseo: https://youtu.be/UUEMA0PTroE

Tá sé mar aidhm ar an gcúigiú Straitéis um Shábháilteacht ar bhóithre de chuid na hÉireann 2021-2030 an méid básanna agus gortaithe tromchúiseacha a tharlaíonn ar bhóithre na tíre a laghdú faoi 50% thar na 10 mbliana seo atá amach romhainn. Ciallaíonn sin an méid básanna ar bhóithre na hÉireann a ísliú ar bhonn bliantúil ó 144 go 72 nó méid níos lú agus gortaithe tromchúiseacha a laghdú ó 1,259 go 630 nó níos lú faoi cheann 2030.

Is éard atá sa straitéis an chéad chéim chun an gealltanas i gClár an Rialtais 2020 a bhaint amach Éire a thabhairt go dtí 'Fís a Náid'. Tá sé mar aidhm ag an straitéis deireadh a chur le bás ar na bóithre agus gortaithe tromchúiseacha faoi cheann 2050.

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:

Preasoifig an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre, 096 25008

Máire McGrath / Grace Cooney, Drury Communications, 085 265 9047 (MMcG) / 086 153 6886 (GC)

Preasoifig an Gharda Síochána: 01 6662071

Nótaí do na heagarthóirí

An feachtas 'Ar ais ar scoil'

Is féidir pacáistí 'Ar ais ar scoil' a iarraidh trí dhul go: www.rsa.ie/backtoschool

Sa phacáistí bunscoile beidh:

  • Veist shofheicthe le haghaidh gach páiste atá ag tosú scoile
  • Paimfléid 'Ag dul ar scoil' le haghaidh naíonáin bheaga ag cur tús lena oideachas. Tá treoir do thuistí páistí a thabhairt chuig an scoil slán sábháilte;
  • Tá paca shábháilteacht ar bhóithre promóisin a bhfuil stráicí frithchaiteacha ann chun cabhrú le daltaí a bheith sofheicthe ar na bóithre
  • An Nuachtlitir 'Nuacht Oideachais'

    D'eisigh an RSA moltaí do scoileanna a bheartaíonn bus a fháil ar cíos a thógann páistí chuig gníomhaíochtaí spóirt nó gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Ba cheart go n-iarrfaí ar an gcomhlacht bus a dhearbhú go bhfuil sé ag cur ar fáil seirbhísí sábháilte agus dleathach. Chuir an RSA le chéile Deimhniú Comhréireachta úsáideach a dhéanann achoimre de sheicliosta mar gheall ar na ceanglais dlíthiúla tábhachtacha is lú a chaithfear a bheith ag úinéirí bus. Is féidir é a íoslódáil agus a phriontáil ó www.cvrt.ie.

    Tá roinnt acmhainní eile ag an RSA mar gheall ar shábháilteacht ar bhóithre le haghaidh múinteoirí agus daltaí a bhfuil sé d’aidhm acu sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn agus a spreagadh do pháistí-scoile.

  • Ag an mbunleibhéal, múineann na feachtais 'An cód sábhála', 'Bí sábháilte', 'Téimis', 'Garda an chreasa sábhála' agus 'An Capall Hi Glo Silver' úsáideoirí bóithre óga conas na bóithre a úsáid go sábháilte.
  • Ag an meánleibhéal tá an acmhainn folláine don tsraith shóisearach darb ainm 'Bíonn sábháilteacht ar bhóithre tábhachtach' a d'fhéadfaí a sholáthar do dhaltaí sa chéad bhliain chomh maith leis an acmhainn úasdátaithe 'Chun teacht slán sábháilte' le haghaidh daltaí san idirbhliain.
  • Tá an tSeirbhís Oideachais na hÉireann i leith Sábháilteacht ar bhóithre de chuid an RSA ar fáil chun cur i láthair cuimsitheach faoi shábháilteacht ar bhóithre a thabhairt do dhaltaí ar bhfhéadfadh a bheith athruithe de réir an líon sa rang, grúpaí agus aoiseanna. Téimid i ngleic le réimse topaicí maidir le sábháilteacht ar bhóithre lena n-áirítear sábháilteacht ar bhóithre ar scoil, sábháilteacht coisithe agus rothaíochta, ceisteanna iompair tuaithe agus uirbeacha, oiliúnt tiomána agus iompraíochtaí a mharaíonn. Bíonn léirithe fiorúla idirgníomhacha ar fáil chomh maith. Tá an tseirbhís seo saor in aisce.
  • Bí cinnte go bhfuil sé feistithe i gceart- Is seirbhís í seo seirbhís saor in aisce mar gheall ar shuíochán cairr do pháiste a sheiceáil. An aidhm atá aici tuistí, seantuistí agus caomhnóirí a chur ar a suaimhneas go bhfuil a bpáistí ag taisteal go sábháilte ina suíochán cairr do pháiste agus go bhfuil an suíochán cairr féin curtha isteach go sábháilte sa charr. Tá an tseirbhís ar fáil ar fud na tíre agus is feidir í a chur ar fáil trí mheán fíorúil nuair is gá.