Skip to Content

Seoladh córas tástála drugaí cois bóthair nua ag imeacht achainí aimsir na Nollag agus na hAthbhliana um shábháilteacht ar bhóithre

road safety 01.12.2022
  • Córas tástála tiomána drugaí nua (Securetec® Drugwipe 6s)  - tástálacha níos iniompartha, níos tapúla a dhéanann tástáil le haghaidh níos mó drugaí
  • Seoladh An Garda Síochána feachtas forfheidhmithe sé seachtaine aimsir na Nollag um shábháilteacht ar bhóithre
  • 86 duine a fuair bás agus 765* gortú tromchúiseach i dtréimhse aimsir na Nollag / na hathbhliana le cúig bliana anuas / anuraidh
  • 146 duine a fuair bás ar bhóithre in 2022, 146 cathaoireacha folamh ar Lá na Nollag, méadú 27 duine ar an líon an bhliain seo caite

Seoladh feisteas nua um réamh-thástáil drugaí do thiománaithe cois bóthair inniu ag ócáid achainí Nollag agus na hAthbhliana um shábháilteacht ar bhóithre arna cur ar siúl ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus ag an nGarda Síochána. Ba i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh a bhí an seoladh ar siúl.

Feidhmíonn an fearas tástála drugaí cois bóthair nua Securetec® Drugwipe 6s, ar thug an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre (MBRS) isteach é agus a rolladh amach é chuig Gardaí ar fud na tíre, cosúil le tástáil antaiginí. Tá sé níos iniompartha agus níos tapúla chun torthaí a sheachadadh agus ní amháin gur féidir leis tástáil a dhéanamh le haghaidh Cannabas, Cóicín, Beinseadé-asaipíní agus Codlaidínigh, ach is féidir leis an bhfearas seo, murab ionann agus an fearas a bhí ann roimhe, tástáil a dhéanamh le haghaidh Amfataimín agus Meitiolamfataimín freisin.

Ag tosú inniu, beidh an fearas réamhthástála drugaí nua á úsáid ag an nGarda Síochána a d’fhógair dianfheachtas forfheidhmithe sé seachtaine um shábháilteacht ar bhóithre ar fud na tíre go dtí aimsir na Nollag agus an Bhliain Nua.

Cé go mbeidh sé ar cheann de phríomhspriocanna an Gharda Síochána líon na ndaoine a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar alcóil agus drugaí mídhleathacha a laghdú, beidh siad ag díriú ar chionta eile a bhaineann le trácht ar bhóithre mar shampla fón póca a úsáid, an tiomáint róthapa agus gan criosanna sábhála a chaitheamh.

Tá sé léirithe i dtaighde a rinne an RSA agus an Garda Síochána go raibh 86* bás agus 765* gortú tromchúiseach taifeadta le cúig bliana anuas le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton: “Gabhaim fáilte roimh thabhairt isteach na feiste tástála drugaí nua seo ar príomhghníomh é atá le seachadadh faoi Straitéis Rialtas na hÉireann um Shábháilteacht ar Bhóithre (Gníomh 163) faoi dheireadh 2022. Tá a fhios againn nach dtiomáineann tromlach na dtiománaithe faoi thionchar drugaí ach fós féin tá roinnt daoine a leanann leis an iompar contúirteach seo. Agus muid ag druidim le haimsir na Nollag, ná deán dearmad nach measctar drugaí agus alcól agus tú ag tiomáint riamh, ar chúis ar bith. Ba mhaith liom a mheabhrú do thiománaithe go bhfuil tréimhse dícháilithe ag baint le gach pionós i leith na tiomána faoi thionchar alcól nó drugaí.”

Dúirt an Coimisinéir Cúnta Paula Hilman “Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun feachtas na Nollag agus na hAthbhliana um shábháilteacht ar bhóithre de chuid an Gharda Síochána a sheoladh, ar feachtas é a bheidh ar siúl ón lá inniu go dtí an 3 Eanáir 2023. Beidh an feachtas faisnéis-bhunaithe seo dírithe ar láithreacha agus ar amanna inar tharla imbhuailtí marfacha agus tromghortaithe le 12 bhliain anuas.

Tá sé ar cheann dár bpríomhspriocanna líon na ndaoine a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar alcóil agus drugaí mídhleathacha a laghdú. Is é inniu an lá freisin a bhfuiltear chun píosa nua trealaimh a thabhairt isteach is trealamh a mhéadóidh ár gcumas chun tiománaithe a thástáil le haghaidh láithreacht drugaí mídhleathacha. Tá an DrugWipe 6S in úsáid anois ag na Gardaí agus cabhróidh an próiseas tástála sruthlínithe linn sin lenár spriocanna maidir le ciontóirí a thabhairt os comhair na gcúirteanna agus ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte a bhaint amach.

Dúirt an Coimisinéir Cúnta freisin “Fuair 146 duine bás ar ár mbóithre i mbliana, sin 146 suíochán fholmha ag an mbord dinnéir ar Lá na Nollag. Sílim go n-aontóimid go léir go bhfuil an líon sin i bhfad ró-ard agus ní mór dúinn oibriú le chéile chun gach éinne a choinneáil sábháilte ar ár mbóithre. Is féidir linn é seo a dhéanamh, ach an fón póca a chur síos, an luas a laghdú, an crios sábhála a chur orainn agus gan a bheith riamh ag tiomáint agus muid faoi thionchar alcóil nó drugaí.   I mí na Nollag 2021, fuair 19 duine bás in Imbhuailtí Bóthair, agus is lena gcairde agus lena muintir siúd atáimid ag smaoineamh agus ag guí.

Dúirt an tOllamh Denis Cusack, Stiúrthóir an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Is féidir le meascán de dhrugaí agus de dhrugaí agus alcól tionchar an-tromchúiseach a bheith acu ar chumas an duine tiomáint go sábháilte agus d’fhéadfadh gortuithe tromchúiseacha nó bás a bheith mar thoradh orthu. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an gcontúirt seo maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil-agus-drugaí agus ag an am céanna a chinntiú go leanann tiománaithe ag glacadh cógais ar oideas chun críocha na tiomána sábháilte agus sláintiúil. Tá an córas feabhsaithe seo um thástáil drugaí cois bóthair, atá le glacadh ón lá inniu ag an nGarda Síochána thar a bheith tráthúil agus méadú leanúnach ar an mbrath drugaí i dtiománaithe le feiceáil againn. In 2016, rinne an MBRS tástáil ar 1,113 sampla do dhrugaí seachas alcól. Faoi 2021, bhí an figiúr sin méadaithe suas go 4,321 - ar méadú beagnach faoi cheathair atá ann. Cé go bhfuil alcól fós ar an meisceach is minice a aimsítear i dtiománaithe in Éirinn, is é an cannabas an dara ceann is minice a aimsítear agus tá méadú ag teacht ar an méid a bhraitear é i dtiománaithe, agus is é cóicín an tríú druga meisciúil is coitianta a aimsítear.”

Dúirt an tOllamh Cusack, “Is féidir leis an gcóras tástála drugaí seo a tugadh isteach le déanaí (ar bhealach atá cosúil leis an modh tástála antaiginí i leith Covid) tástáil a dhéanamh le haghaidh Cannabas, Cóicín, Beinseadé-asaipíní, Codlaidínigh, agus chomh maith leis sin Amfataimín agus Meitiolamfataimín. ar thaobh an bhóthair. Is iad na buntáistí a bhaineann leis an gcóras nua ná go bhfuil sé an-tapa sreabhach béil a bhailiú, laghdaítear an t-am tástála go 2-8 nóiméad, agus go n-iompraítear go héasca é gan aon fheiste eile a bheith ag teastáil chun na torthaí i leith druga a léamh. Tá an córas feabhsaithe tástála drugaí cois bóthair seo atá le húsáid ag na Gardaí ag teacht amach ag am tráthúil agus an úsáid drugaí i sochaí na hÉireann ag leanúint leis a dhul i méid agus a éagsúlú, rud a fhágann go bhfuil an tiomáint mheisciúil ag éirí níos contúirtí freisin.”

Dúirt an tUasal Sam Waide, POF an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Táim ag iarraidh ar gach úsáideoir bóithre a bheith freagrach agus gan tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus iad ag úsáid na mbóithre le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. Ní de thimpiste a tharlaíonn an tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí, is de rogha a tharlaíonn sé, agus ba cheart go dtuigfeadh tiománaithe go bhféadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith ann mar thoradh ar na roghanna sin. Ba mhaith liom achainí ar gach úsáideoir bóithre gan dul sa seans ar an mbóthar agus roghanna níos sábháilte a dhéanamh cibé modh a n-úsáideann tú an bóthar. Téigh níos moille, ná tiomáin faoi thionchar alcóil nó drugaí, caith do chrios sábhála agus bí ag faire amach do rothaithe, coisithe, gluaisrothaithe agus marcaigh capall i mbliana, aimsir na Nollag.”

Dúirt an tUasal Waide freisin, “Má tá sé ar intinn agat dul amach chun casadh le daoine, ná deán dearmad pleanáil a dhéanamh roimh ré ar an tslí a mbeidh tú ag dul abhaile. Ainmnigh tiománaí nó réitigh tacsaí, hacnaí, mionbhus nó iompar poiblí. Bí ar an eolas freisin faoin mbaol a bhaineann leis an tiomáint faoi thionchar alcóil an mhaidin dár gcionn.”

Táthar ag meabhrú do thiománaithe go bhfuil an feachtas Tiománaithe Ainmnithe Coca Cola ar siúl arís i mbliana. Sa scéim seo, cuirtear deochanna boga agus uisce ar fáil saor in aisce d’aon duine a ghlacann cúraim thiománaí ainmnithe ar oíche amuigh le cairde nó le daoine muinteartha.

Fuair ​​146 duine bás ar na bóithre go dtí seo in 2022 – is ionann sin agus méadú 27 ar an lá céanna anuraidh. Ar leithligh, gortaíodh 1,174 duine go dona ar ár mbóithre i mbliana suas go dtí an 27 Samhain 2022.

 

Nóta

*Figiúirí sealadacha atá ann, agus d’fhéadfadh siad athrú. Moltar a bheith cúramach agus léirmhíniú á dhéanamh agat ar líon na ngortuithe tromchúiseacha in 2022 mar go bhféadfadh luaineachtaí suntasacha a bheith ann i líon na ngortuithe tromchúiseacha go dtí go mbeidh bailíochtú na dtaifead seo críochnaithe ag an RSA.

Féach doiciméad Ceisteanna Coitianta ar thiomáint faoi dhrugaí ar shuíomh Gréasáin an RSA

Íoslódáil an bhileog eolais faoi dhrugaí agus faoi thiomáint anseo

Tiomáint faoi Thionchar Drugaí – Fíricí Ginearálta

  • Léirítear i dtaighde ón RSA ó 2013-2017 go raibh tocsaineolaíocht dhearfach i leith drugaí taifeadta in 29% de na tiománaithe a maraíodh
  • Gabhadh níos mó ná 2,550 tiománaithe go dtí seo in 2022 ar amhras go raibh siad ag tiomáint faoi thionchar drugaí. Sin timpeall ar 54 tiománaithe (54.3) ar an meán, a ghabhadh gach seantain de bharr an tiomáint faoi thionchar drugaí 
  • Is cion é an tiomáint faoi thionchar drugaí, lena n-áirítear drugaí ar oideas, sa chás go bhfuil do chumas tiomána chomh lagaithe sin nach bhfuil smacht ceart agat ar an bhfeithicil. Is cion é freisin tiomáint faoi thionchar drugaí áirithe, beag beann ar an bhfeidhmíocht tiomána, os cionn leibhéil sonraithe. Má fhaightear amach go bhfuil aon cheann de na drugaí sin tógtha ag tiománaí os cionn na dteorainneacha sonraithe, is féidir é nó í a ionchúiseamh as tiomáint faoi dhrugaí fiú mura bhfuil lagú ar an tiomáint.

Pionóis don Tiomáint faoi Thionchar Drugaí

  • Má tá tástáil sreabháin bhéil a dhéantar ort dearfach i dtaca le Cannabas, Cóicín agus/nó Amfataimíní (lena n-áirítear Meitiolamfataimín agus MDMA). Gabhfar thú agus tabharfar chuig an stáisiún thú, áit a mbaileofar sampla fola a seolfar chuig an MBRS é le haghaidh anailíse.
  • Má tá tástáil sreabháin bhéil a dhéantar ort dearfach i dtaca le Beinseadé-asaipíní, Codlaidínigh nó Amfataimíní (lena n-áirítear Meitiolamfataimín agus MDMA) agus tá an Garda den thuarim go bhruil lagú ort, gabhfar thú agus tabharfar chuig an stáisiún thú, áit a mbaileofar sampla fola a seolfar chuig an MBRS é le haghaidh anailíse.
  • Má tá tástáil sreabháin bhéil a dhéantar ort dearfach i dtaca le Beinseadé-asaipíní, Codlaidínigh nó Amfataimíní (lena n-áirítear Meitiolamfataimín agus MDMA) agus tá an Garda den thuarim nach bhfuil aon lagú ort, níl coir á dheánamh agat agus beidh cead agat tiomáint ar aghaidh.
  • Gabhann tréimhse dícháilithe le gach cion i leith an tiomáint faoi thionchar drugaí. Maidir le tréimhsí dícháilithe, dóibh siúd a chiontaítear sa chion as a bheith os cionn na tairsí Cannabas, Cóicín agus/nó Amfataimíní (lena n-áirítear Meitiolamfataimín agus MDMA) gan aon chruthúnas lagaithe riachtanach ag na Gardaí, níl an tréimhse dícháilithe níos lú ná 1 bhliain don chéad chion agus nach lú ná 2 bhliain don dara cion nó cion ina dhiaidh sin.
  • Maidir leis an gcion reatha maidir leis an tiomáint le linn a bheith faoi thionchar drugaí, is é an tréimhse pionóis nó dícháilithe ná 4 bliana ar a laghad den chéad chion agus 6 bliana don dara cion nó do chion ina dhiaidh sin.
  • Má tá cógas ar oideas á ghlacadh acu, ní mór do thiománaithe comhairle a ndochtúir ordaithe agus a gcógaiseoir dáileacháin a leanúint agus a bheith feasach ar an leibhéal lagaithe féideartha, fiú go sealadach, a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcógas sin. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach má athraítear dáileog nó branda an chógais sin. Má tá aon amhras nó aon ábhar imní ar thiománaithe, labhair le do dhochtúir nó cógaiseoir.