Skip to Content

Cuireann an RSA agus na húdaráis áitiúla i gcuimhne d’úinéirí talún fálta sceach a ghearradh chun guaiseacha sábháilteachta ar bhóithre a chosain

Road Users 26.01.2023

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) ag iarraidh ar úinéirí talún a gcuid fálta sceach a ghearradh roimh an spriocdháta, an 1 Márta, lena chinntiú nach mbeidís mar chúis le guais a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach don tsábháilteacht ar bhóithre.

D’fhéadfadh básanna ar bhóithre agus imbhuailtí tromchúiseanna a bheith mar thoradh ar fhálta sceach agus ciumhais bhóithre atá rófhásta. Trí fhálta a choimeád i gceart, cosnaítear úsáideoirí soghonta bóithre toisc nach mbeidh orthu dul amach ar an mbóthar mar gheall ar fhálta a bheith rófhásta. Anuas air sin, bíonn tiománaithe in ann a bhfuil os a gcomhair nó timpeall an chúinne a fheiceáil go breá soiléir, go háirithe ar bhóithre tuaithe áitiúla maidir le línte radhairc ag acomhail nó bacainní radhairc ar chomharthaí bóthair.

De réir an Achta um Fhiadhúlra, is cion é aon fhásra atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil á shaothrú nó atá ag fás ar aon fhál nó díog a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a mhilleadh ar bhealach eile, idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa. Tá roinnt eisceachtaí i gceist leis seo, lena n-áirítear sa chás go bhfuil forais ann chun gníomhú ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre. Is féidir leis na húdaráis áitiúla gníomhú iad féin nó fógra a sheirbheáil ar an úinéir talún chun rud éigin a dhéanamh sna cásanna sin, agus déanann siad amhlaidh.

Dúirt an tUasal Sam Waide, Príomhfheidhmeannach, RSA: “Ní mór d’úinéirí talún i ngach cearn den tír a bheith feasach ar an tionchar is féidir le fálta sceach atá tar éis fás a bheith acu ar úsáideoirí bóithre eile. Is féidir leo guais a chruthú don tsábháilteacht ar bhóithre a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar bhás duine eile sa phobal, nó ar ghortú tromchúiseach dó.  Is freagracht chomhroinnte í an tsábháilteacht ar bhóithre, agus tá sé tábhachtach go bhfanfaidh úinéirí talún ar an airdeall agus go nglacfaidh siad cuntasacht as fálta sceach a chothabháil. Is féidir linn ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte má ghlacaimid go léir páirt ann chomh maith le freagracht phearsanta as a dtarlaíonn ar na bóithre.”

 Thar ceann na n-údarás áitiúil, dúirt John McLaughlin, Cathaoirleach an Choiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar, Gheilleagar Ciorclach agus Líonraí i gCumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach:

“Tá sé de dhualgas ar údaráis áitiúla a chinntiú go gcoimeádtar smacht ar chiumhaiseanna cois bóthair agus gur cheart tús áite a thabhairt d’fhadhbanna maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre sa cheantar áitiúil, agus ag an am céanna aitheantas a thabhairt do na gealltanais faoi threoracha chun fálta sceach a chaomhnú agus chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn. Mar an gcéanna, tá freagracht ar úinéirí talún agus ar aon duine atá ina chónaí cois bóthair a sheiceáil nach bhfuil fálta nó crainn atá ar a gcuid réadmhaoine féin ina gcontúirt don tsábháilteacht ar bhóithre. Más amhlaidh atá, ba cheart d’úinéir na talún na bearta riachtanacha a ghlacadh chun an tsábháilteacht ar bhóithre a chinntiú. Anuas air sin, táimid ag iarraidh ar dhaoine den phobal fadhbanna a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre mar gheall ar an rófhás a thuairisciú don údarás áitiúil, agus féadfaidh siadsan teagmháil a dhéanamh leis an úinéir talún ansin dá réir.”

Nótaí:

Le hAlt 70 d'Acht na mBóithre, 1993, leagtar freagracht as cothabháil fálta cois bóthair ar úinéirí/áititheoirí na dtailte in aice láimhe. Is ar an Údarás Áitiúil atá an fhreagracht maidir le ciumhaiseanna cois bóthair a chothabháil. Faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra, ritheann an séasúr gearrtha fálta ón 1 Meán Fómhair go dtí an 28 Feabhra an bhliain dár gcionn. Níl sé ceadaithe fálta sceach a ghearradh lasmuigh de na dátaí siúd. Is é an t-aon eisceacht atá ann ná nuair atá forais ann chun gníomhú ar chúiseanna um an tsábháilteacht ar bhóithre. Is féidir leis na comhairlí contae gníomhú iad féin nó fógra a sheirbheáil ar an úinéir talún chun rud éigin a dhéanamh sna cásanna sin, agus déanann siad amhlaidh.