Skip to Content

Admhaíonn ceathrú na dtiománaithe go bhféadfadh go raibh siad thar an teorainn nuair a thiomáin siad an mhaidin dár gcionn

Drink driving 04.06.2021

  • Admhaíonn 1 as 10 dtiománaí gur thiomáin siad faoi thionchar an óil le 12 mhí anuas
  • D'ól 1 as 4 a d'admháil gur thiomáin siad faoi thionchar an óil gur ól siad 2 dheoch nó níos mó sular thiomáin siad
  • Is é alcól an t-ábhar meisciúil is coitianta a bhraitear i dtiománaithe go fóill.
  • Fuair 78 duine bás nó gortaíodh iad go dona i dtimpistí ag an deireadh seachtaine saoire bainc i Meitheamh ó 2016 i leith


De réir taighde nua (1) a chuir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (ÚSB) amach inniu, ghlac ceathrú na dtiománaithe a ndearnadh suirbhé orthu go bhféadfadh go raibh siad thar an teorainn uaireanta nuair a thiomáin siad an mhaidin i ndiaidh dóibh a bheith ag ól.


Fuarthas amach freisin sa Suirbhé ar Dhearcthaí agus Iompar Tiománaithe, a rinneadh i Nollaig 2020, go n-admhaíonn 9% de thiománaithe gur ól siad sular thiomáin siad le dhá mhí dhéag anuas, agus bhí an céatadán ní b'airde i measc fear (12%) ná i measc ban (5%).


Tá na figiúirí á bhfoilsiú roimh dheireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh, agus tá an tÚSB, an Garda Síochána agus an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre ag achainí ar gach duine a úsáideann na bóithre gan tiomáint faoi thionchar an óil.


Dúirt Hildegarde Naughton, an tAire Stáit sa Roinn Iompair: “Ceapann formhór na ndaoine sa tír seo gurb iompraíocht fhrith-shóisailta é tiomáint faoi thionchar an óil agus nach bhfuil sé inghlactha ar chor ar bith, ach fós féin tá daoine ann a théann i mbun an iompair chontúirtigh seo. Beidh go leor daoine ag cruinniú le chéile faoin aer ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo chun am a chaitheamh le gaoil agus cairde.


Má bheartaíonn tú deoch a ól, cuimhnigh nach dtéann alcól agus tiomáint le chéile. Ainmigh tiománaí nach n-ólfaidh deoch ar bith chun a chinntiú go dtiocfaidh siad go léir abhaile slán sábháilte. Cibé rud a dhéanann tú, ná tiomáin faoi thionchar an óil agus cuimhnigh go bhféadfadh nach mbeidh tú réidh le tiomáint an lá dár gcionn.”


Dúirt Sam Waide, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an ÚSB: “Cé go léiríonn ár dtaighde go gcreideann formhór na ndaoine nach gnáthiompar sóisialta é tiomáint faoi thionchar an óil, tá imní orm faoi líon na ndaoine atá ag tiomáint an mhaidin i ndiaidh dóibh a bheith ag ól. Is cuma cén uair nó cén lá den tseachtain a thiomáineann tú faoi thionchar an óil, is tiomáint faoi thionchar an óil atá ann.


Tréimhse chontúirteach ó thaobh tiomáint faoi thionchar an óil is ea an mhaidin dár gcionn. De réir anailíse a rinne an tÚSB ar Chomhaid Imscrúdaithe an Gharda Síochána a bhaineann le timpistí marfacha, tharla 11% de na timpistí marfacha ina raibh alcól ólta ag tiománaí idir 7am agus 11am.


Níl aon rialacha dochta daingne ann faoi cathain a bhíonn sé sábháilte tiomáint an mhaidin i ndiaidh duit a bheith ag ól. Ach ba cheart do thiománaithe uair amháin ar a laghad a fhágáil in aghaidh gach deoch caighdeánach chun go bhfágfaidh an t-alcól a gcóras.


Is éard is deoch caighdeánach leathphionta, gloine bheag fíona nó miosúr caighdeánach biotáille. Anuas air sin, má bhíonn tú ag ól sa bhaile, seans go mbíonn tú ag ól miosúir níos mó i ngan fhios duit féin agus, mar sin, ag méadú an seans nach mbíonn sé sábháilte tiomáint an mhaidin dár gcionn. Is é an rud is tábhachtaí nach dtéann tú sa seans, mar d'fhéadfá do cheadúnas a chailleadh nó d'fhéadfadh rud níos measa fós tarlú.”


Dúirt Paula Hilman, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána le haghaidh Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal: “Beidh an Garda Síochána ag coinneáil daoine sábháilte ar ár mbóithre agus beidh siad le feiceáil ar fud na tíre an deireadh seachtaine saoire bainc seo. Cuireann alcól agus drugaí isteach ar bhreithiúnas daoine. Bíonn an-tionchar ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí ar thimpistí ar ár mbóithre a bhfaigheann daoine bás agus a ngortaítear daoine go dona dá mbarr.


Táim ag achainí ar dhaoine tiomáint go sábháilte agus gan tiomáint faoin thionchar an óil ná drugaí. Má stoptar thú agus má theipeann tástáil cois bóthair ort, smaoinigh ar na himpleachtaí, mar shampla d'fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ort tiomáint. Cén tionchar a bheidh aige sin ort ó thaobh cúrsaí sóisialta, cúrsaí teaghlaigh nó cúrsaí proifisiúnta de?


Fuair 47 duine bás ar ár mbóithre in 2021 go dtí seo. Ba mhaith linn go mbainfidh gach duine leas as an deireadh seachtaine saoire bainc seo agus go mbeidh siad sábháilte ar na bóithre, mar sin iarraim ar gach tiománaí a bheith freagrach agus gan tiomáint faoi thionchar an óil in am ar bith.”


Dúirt an tOllamh Denis Cusack, Ceannasaí an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Cé gur tháinig méadú suntasach ar thiomáint faoi thionchar drugaí le blianta beaga anuas, is é alcól an t-ábhar meisciúil is coitianta a bhraitear i dtiománaithe go fóill. In 2020, braitheadh alcól in anáil 94% de na tiománaithe a ndearnadh tástáil fhianaiseach anála orthu le haghaidh anailís alcóil tar éis iad a ghabháil.


Nuair a chuirtear samplaí Anála, Fola agus Fuail ar aimsíodh alcól iontu le chéile, is cúis suntais é go bhfuil tiúchan alcóil thar an teorainn dhlíthiúil, ar 50mg/100ml coibhéis fola é, in 88% de na samplaí sin, go bhfuil tiúchan alcóil thar 100mg/100ml coibhéis fola in 67% de na samplaí, agus tá leibhéil os cionn 150mg/100ml coibhéis fola ag 42% de thiománaithe.


Dá mhéad an tiúchan alcóil is ea is mó a chuirtear isteach ar bhreithiúnas tiománaithe agus is mó an riosca go mbeidh timpiste ann. Tarraingíonn sé sin aird ar an teachtaireacht maidir le sábháilteacht ar bhóithre atá ann le fada an lá, is é sin ná tiomáin faoi thionchar an óil riamh.”


Dúirt sé chomh maith go bhfuil “Na haoisghrúpaí ar fad le feiceáil i measc na ndaoine a bhfaightear amach fúthu go bhfuil siad ag tiomáint faoi thionchar an óil. Is ionann aois airmheánach na dtiománaithe a n-iarrtar orthu sampla anála le haghaidh tástáil alcóil a thabhairt i stáisiún Gardaí in Éirinn agus 38. Tá formhór na ngabhálacha as tiomáint faoi thionchar an óil i measc fear scaipthe go cothrom thar na catagóirí ó na déaga déanacha go dtí lár na ndaichidí. Is san aoisghrúpa ó 35 go 44 a ghabhtar an líon is airde ban.”


Tá suíomh gréasáin fiúntach ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dar teideal askaboutalcohol.ie ar a bhfuil a lán acmhainní an-luachmhara faoi thionchar an alcóil ar thiomáint. Iarrtar ar thiománaithe dul go dtí an suíomh le haghaidh tuilleadh eolais faoin ábhar.


Fuair 14 dhuine bás agus gortaíodh 64 duine go dona ag an deireadh deachtaine Saoire Bainc i mí an Mheithimh idir 2016 agus 2020*.


Go dtí seo in 2021, fuair 47 bás ar bhóithre na hÉireann ar an iomlán, ar laghdú 13 dhuine é sin ar an tréimhse chéanna in 2020.


Nótaí:

Fuair Suirbhé ar Dhearcthaí agus Iompar Tiománaithe 2020 an ÚSB amach an méid seo a leanas freisin:


  • D'ól 9% de thiománaithe alcól sular thiomáin siad le 12 mhí anuas (12% de thiománaithe Fir; 5% de thiománaithe Mná).
  • Ghlac 1 as 4 thiománaí (25%) leis ‘go raibh siad thar an teorainn uaireanta nuair a thiomáin siad an mhaidin i ndiaidh dóibh a bheith ag ól’.
  • D'ól 27% de na tiománaithe a d'ól alcól sular thiomáin siad le 12 mhí anuas 2 dheoch nó níos mó sula ndearna siad amhail.
  • Mhaígh 58% de thiománaithe Éireannacha nach féidir aon alcól a ól roimh an tiomáint chun go mbeidh sé sábháilte tiomáint (laghdú ó 68% in 2019).
  • Dúirt 43% de na tiománaithe go léir nach féidir leo aon alcól ar bith a ól sula dtiomáineann siad chun go bhfanfaidh siad faoin teorainn dhlíthiúil.
  • Ghlac 9 as 10 dtiománaí (92%) ‘go méadaítear go mór an riosca go mbeidh timpiste ann nuair a thiomáintear faoi thionchar an óil’.

Staitisticí maidir le Taismigh ag Deireadh Seachtaine Saoire Bainc an Mheithimh ó 2016 go 2020:


 

BliainBásannaGortuithe Dona
201612
201715
2018119
2019418
2020*0Níl ar fáil
Iomlán1464

*Is figiúirí sealadacha iad na figiúirí agus tá siad faoi réir athraithe

(1)Figiúirí ó Shuirbhé ar Dhearcthaí agus Iompar Tiománaithe, 2020. Bailíodh sonraí don suirbhé ar líne seo ó shampla ionadaíoch náisiúnta de 1,241 tiománaí i rith Nollaig 2020.