Skip to Content

Seolann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre treoirlínte nua chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú timpeall scoileanna

Education 26.08.2021

  • Spreagtar scoileanna chun plean sábháilteachta bóthair a fhorbairt
  • Iarrtar ar thiománaithe a bheith san airdeall ar leanaí nuair a bheidh scoileanna ag teacht ar ais
  • Faigheann 170 scoil maoiniú do 'Bhealaí Sábháilte chun na Scoile'

Tá treoirlínte nua foilsithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) do scoileanna leis an aidhm cabhrú leo feabhas a chur ar shabháilteacht bhóithre timpeall a gcuid scoileanna. Tagann an foilseachán anois agus daltaí ag filleadh ar an scoil chun tosú ar bhliain acadúil nua.


Cuireann na treoirlínte nua eolas agus uirlisí ar fáil chun cabhrú le scoileanna plean gníomhaíochta sábháilteachta bóthair a laghdódh an baol go dtarlódh aon teagmhais ar an turas chuig nó ón scoil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.


Tá an RSA, i gcomhar leis An Garda Síochána ag déanamh achainí ar thuismitheoirí, ar chaomhnóirí agus ar mhúinteoirí chun a chinntiú go mbeidh sábháilteacht ar bhóithre ar an liosta seiceála d'fhonn filleadh ar an scoil. Cuirtear i gcuimhne do thiománaithe go mbeidh ardú suntasach ar thrácht chun na scoile sna laethanta atá ag teacht. Ba chóir dóibh a bheith ag súil freisin go mbeidh ardú ar líon na leanaí a bheidh ag úsáid 'modhanna gníomhacha' iompair ar nós rothaíocht, siúlóid nó scútáil chun na scoile.


Dúirt Hildegarde Naughton Uasal, an tAire Stáit sa Roinn Iompair: “Mholfainn do scoileanna na treoirlínte nua ón RSA a léamh agus pleananna gníomhaíochta sábháilteachta a fhorbairt chun sábháilteacht timpeall a gcuid scoileanna a fheabhsú. Mar shampla, ceann de na bearta a bhfuil achoimre orthu sna treoirlínte is ea an Clár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile a sheol mé níos luaithe i mbliana. Agus muid ag infheistiú beagnach €1 milliún in aghaidh an lae i dtionscadail siúil agus rothaíochta i mbliana, tá sé mar aidhm ag an gClár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile bealaí siúil agus rothaíochta a bheidh níos sábháilte a chruthú, chun maolú a dhéanamh ar an mbrú tráchta a bhíonn ag geataí na scoile agus méadú a chur ar an líon leanaí a bheidh ag siúl, ag rothaíocht nó ag scútáil chun na scoile. Táthar á bhaint seo amach trí áiseanna siúil agus rothaíochta saintógtha a chur ar fáil agus i gcásanna áirithe táthar ag cur leagan iomlán nua ar an mbealach isteach chun na scoile.

Cuireadh in iúl do 170 scoil níos luaithe sa samhradh go mbeidís mar chuid den chéad bhabhta maoinithe don chlár nua um Bealaí Sábháilte chun na Scoile. Cuirfear maoiniú ar fáil don chlár rollach ón €1.8 billiún atá geallta don bhonneagar siúil agus rothaíochta faoin gclár rialtais."

Agus í ag labhairt ag seoladh an fheachtais ar fhilleadh chun na scoile agus fhoilsiú threoirlínte nua an RSA chun feabhas a chur ar shábhailteacht bhoithre timpeall scoileanna, dúirt Liz O'Donnell Uasal, Cathaoirleach, An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Tugann gach scoil aghaidh ar a gcuid ceisteanna sábháilteachta bóthair ar leith a baineann leo féin, más scoil uirbeach nó tuaithe atá i gceist, go háirithe le linn uaireanta oscailte agus dúnta scoile. D'fhéadfadh meascán úsáideoirí bóthair, ar a n-áirítear coisithe, rothaithe, gluaisrothaithe, feithiclí agus baill eile den phobal atá ag úsáid an bhóthair timpeallacht nach bhfuil sábháilte a chruthú. Cabhróidh treoirlínte nua an RSA, a forbraíodh i gcomhar le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais le bainistíocht scoile plean gníomhaíochta um shábháilteacht bóthair a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun an baol a bhaineann le gortuithe a laghdú le linn de dhaltaí agus d'fhoireann na scoile a bheith ag taisteal chuig nó ón scoil. Tugann sé comhairle luachmhar ar na réimsí atá mar údar imní maidir le timpeallacht do scoil. Tugann sé tuairimí ar an mbealach is fearr le déileáil leis na ceisteanna sin, tugann sé samplaí agus insíonn sé duit cá bhfuil cabhair le fáil."

Dúirt Paula Hilman, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána le haghaidh Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal: “Iarraimid i gcónaí ar úsáideoirí bóthair iad féin a iompar ar bhealach freagrach ach tá gá le níos mó airdill nuair a bhíonn leanaí ag filleadh ar an scoil. Beidh níos mó tráchta ar na bóithre le tuismitheoirí ag fágáil leanaí ag an scoil agus iarrann muid ar thuismitheoirí gan contúirt a chruthú trí pháirceáil dúbailte nó páirceáil ar línte buí mar gur coir é agus go gcruthaíonn sé constaicí a d'fhéadfadh a bheith contúirteach timpeall gheata na scoile. Tá sé fíorthábhachtach freisin go laghdódh tiománaithe a luas in aice le scoileanna agus go mbíonn siad cinnte go dtugann siad neart spáis nuair atá siad ag dul thar leanaí a bhíonn ag rothaíocht nó ag siúl chun na scoile. Ba chóir do thiománaithe freisin géilleadh do na treoracha a thugann maoir scoile mar go bhfuil siad ansin chun cosaint a thabhairt do leanaí a bhíonn ag trasnú an bhóthair."

Forbraíodh 'Treoirlínte nua an RSA chun feabhas a chur ar shábháilteacht bóthair timpeall do scoil' le hionchur ón Roinn Oideachais agus Scileanna, An Garda Síochána, Scoileanna Glasa / An Taisce, Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach, Oifigigh Sábháilteachta Bóthair na nÚdarás Áitiúla, Bonneagar Iompair Éireann agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.


Tá treoirlínte nua an RSA chun 'Sábháilteacht Bóthair Timpeall Scoileanna a Fheabhsú' le fáil anseo.


Maraíodh 95 duine ar bhóithre na hÉireann suas go dtí an dáta seo i 2021, sin triúr níos mó ná mar a maraíodh sa tréimhse chéanna i 2020.


Nótaí


An Feachtas 'Ar Ais ar Scoil'


Is féidir le scoileanna cur isteach ar phacáistí 'Ar Ais ar Scoil' de chuid an RSA trí chuairt a thabhairt ar: www.rsa.ie/backtoschool


 Cuimseoidh pacáistí bunscoile:


  • Veist shofheicthe do gach leanbh atá ag tosú ar scoil
  • Bileoga 'Ag Dul ar Scoil' do naíonáin shóisearacha atá ag teacht isteach san oideachas. Is treoir do thuismitheoirí é seo chun leanaí a thabhairt chun na scoile go sábháilte;
  • Pacáiste Promóisin ar Shábháilteacht Bóthair ar a n-áirítear stiallacha frithchaiteacha mála chun cabhrú le daltaí a bheith níos sofheicthe ar na bóithre;
  • An nuachtlitir ‘Educational News’;

Tá moltaí eisithe ag an RSA do scoileanna freisin má tá fúthu bus a fháil ar cíos chun leanaí a iompar chuig imeachtaí spóirt nó seach-churaclaim. Ba chóir don chuideachta bhus atá i gceist a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil sí ag cur seirbhísí iompair atá sábháilte agus dleathach ar fáil. Tá Dearbhú Comhlíontachta úsáideach curtha le chéile ag an RSA a thugann achoimre ar liosta seiceála bunriachtanais dlíthiúla tábhachtacha a bheadh ar úinéirí bus. Is féidir é seo a íoslódáil agus a phriontáil ó www.cvrt.ie.


Tá roinnt eile acmhainní sábháilteachta bóthair ag an RSA do mhúinteoirí agus do dhaltaí a bhfuil sé mar aidhm leo sábháilteacht bóthair a chur chun cinn agus a spreagadh i measc leanaí scoile.


  • Múineann na hacmhainní seo, ‘Safe Cross Code’, ‘Street Smart’, ‘Be Safe’, ‘Let’s Go’, ‘Seatbelt Sheriff’ agus ‘Hi Glo Silver’, d'úsáideoirí óga bóthair ag leibhéal na bunscoile cén chaoi leis na bóithre a úsáid ar bhealach sábháilte.
  • Tá acmhainn fholláine na Sraithe Sóisearaí, dar teideal ‘Road Safety Matters’ ag an dara leibhéal agus tá fáil air lena sheachadadh don chéad bhliain chomh maith leis an leagan nuashonraithe ‘Your Road to Safety’ don Idirbhliain.
  • Tá Seirbhís Oideachais um Shábháilteacht ar Bhóithre ar Bhonn Náisiúnta an RSA ar fáil chun léiriú cuimsitheach ar shábháilteacht ar bhóithre a thabhairt do dhaltaí agus is féidir é a chur in oiriúint d'aon mhéid ranga, grúpa agus aoise. Téann muid i ngleic le raon topaicí ar shábháilteacht ar bhóithre ar a n-áirítear sábháilteacht bóthair ag an scoil, sábháilteacht coisí agus rothaí, ceisteanna iompair uirbeacha agus tuaithe, foghlaim le tiomáint agus iompar marfóra. Tá léirithe idirghníomhacha fíorúla ar fáil freisin. Tá an tseirbhís seo saor in aisce.
  • Check it Fits - D'aistrigh an tseirbhís seo ar líne ach is gearr go mbeidh sí ar fáil duine le duine arís. Beidh daoine in ann úsáid a bhaint as an tseirbhís fad atá siad compordach agus sábháilte sa bhaile, agus seiceálfaidh ár saineolaithe suíocháin a gcuid leanaí. Tógann coinní thart ar leathuair an chloig agus déantar iad ag baint úsáide as aip Microsoft Teams. Chun coinne fhíorúil a chur in áirithint le duine de shaineolaithe an RSA ar shuíocháin chairr leanaí, tabhair cuairt ar: www.rsa.ie/checkitfits