Skip to Content

Cuireann RSA agus na húdaráis áitiúla i gcuimhne d’úinéirí talún fálta sceach a ghearradh roimh an 1 Márta chun guaiseacha tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh na sábháilteachta ar bhóithre de a chosc

Road Users 28.01.2022

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC) ag iarraidh ar gach úinéir talún a chuid fálta sceach a ghearradh roimh an 1 Márta lena chinntiú nach mbeidh siad ina gcúis le guais thromchúiseach ó thaobh na sábháilteachta ar bhóithre de.


D’fhéadfadh básanna bóthair agus imbhuailtí óna dtagann gortuithe tromchúiseacha a bheith mar thoradh ar fhálta sceach agus ar chiumhaiseanna a bhfuil a bhfás thar fóir. Cruthaíonn siad deacrachtaí freisin do choisithe agus rothaithe agus do thrucailí agus feithiclí talmhaíochta atá ag iompar ualaí, go háirithe ar bhóithre áitiúla tuaithe i gcás línte radhairc ag acomhail nó bacainní ar chomharthaí bóthair.


I gcomhréir leis an Acht um Fhiadhúlra, is é an séasúr a ghearrtar fálta sceach agus ciumhaiseanna ná idir tús mhí Mheán Fómhair agus deireadh mhí Feabhra an bhliain dár gcionn.  


Dúirt an tUas. Sam Waide, Príomhfheidhmeannach, RSA: “Táimid ag iarraidh ar gach úinéir talún ar fud na tíre coinneáil i gcuimhne gur féidir le fálta sceach atá tar éis fás thar fóir cur isteach ar úsáideoirí bóithre. Féadann siad guais a chruthú ó thaobh na sábháilteachta ar bhóithre de, rud a d’fhéadfadh beatha duine eile de do phobal a chur i mbaol.  Is freagracht chomhroinnte í an tsábháilteacht ar bhóithre, agus tá sé tábhachtach go bhfanfadh úinéirí talún ar an airdeall agus go nglacfaidís cuntasacht as fálta sceach a chothabháil. Ní éireoidh linn ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte ach amháin má dhéanaimid go léir beart de réir ár mbriathair agus freagracht phearsanta a ghlacadh as a dtarlaíonn ar na bóithre.”


Thar ceann na n-údarás áitiúil, dúirt Paddy Mahon, an Cathaoirleach ar Choiste CBCC um Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar agus Líonraí: “Tá sé de dhualgas ar údaráis áitiúla a chinntiú go gcoimeádtar ciumhaiseanna cois bóthair, agus tús áite a thabhairt do chúrsaí sábháilteachta ar bhóithre áitiúla. Mar an gcéanna, tá freagracht ar úinéirí talún agus ar dhaoine a chónaíonn ar thaobh an bhóthair a chinntiú nach bhfuil fálta ná crainn ar a gcuid talún ina nguais don tsábháilteacht ar bhóithre. Más amhlaidh atá, ba cheart do na húinéirí talún na bearta riachtanacha a ghlacadh chun an tsábháilteacht a chinntiú. Táimid ag iarraidh freisin ar dhaoine den phobal cásanna rófháis a thuairisciú dá n-údarás áitiúil, a rachaidh i dteagmháil ansin leis an úinéir talún.”


Nótaí


Leagtar an fhreagracht in Alt 70 d'Acht na mBóithre, 1993 as cothabháil fálta cois bóthair ar úinéirí/áititheoirí na dtailte in aice láimhe. Is ar an Údarás Áitiúil atá an fhreagracht as ciumhaiseanna cois bóthair a chothabháil. I gcomhréir leis an Acht um Fhiadhúlra, is é an séasúr a ghearrtar fálta sceach agus ciumhaiseanna ná idir tús mhí Mheán Fómhair agus deireadh mhí Feabhra an bhliain dár gcionn.