Skip to Content

Déanann an RSA agus an Garda Síochána achainí i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre agus cuireann siad faoi lán seoil an t-oibriúchán chun an lá 'laghdaigh do luas' naisiúnta a chur ar siúl

Anti-speeding 02.06.2022
  • Molann an tÚdarás um shábhailteacht ar bhóithre agus an Garda Síochána go laghdaíonn tiománaithe a gcuid luais
  • Reachtáilfear an lá 'laghdaigh do luas' náisiúnta thar thréimhse 24 uaire idir 07.00 r.n Déardaoin an 2 Meitheamh agus 07.00 r.n Aoine an 3 Meitheamh
  • De réir staidéar nua, taispeáineadh gur sháraigh trí cheathrú de thiománaithe an teorainn luais i zóin 50 km/u*.
  • Ceathrú de thimpistí a bhfuair tiománaithe bás iontu; sháraigh na tiománaithe luais a bhí sábháilte Ϯ
  • Ba faoin tuath a tharla níos mó ná trí cheathrú de na timpistí a bhfuair tiománaithe bás iontu de bharr iomarca luaisϮ
  • Fuair 90 duine bás nó gortaíodh go dona iad i dtimpistí thar laethanta saoire bainc de mhí mheithimh le linn na 5 bliana deireanacha1

Ag seoladh na hachainí de chuid sábháilteacht ar bhóithre don deireadh seachtaine saoire bainc Mheithimh agus lá náisiúnta 'laghdaigh do luas' in Ollscoil na hÉireann Gaillimh inniu, mhol an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus an Garda Síochána tiománaithe a gcuid luas a laghdú agus dul i gcónaí ar luas cuí de réir na ndálaí tiomána.

Mar thacaíocht don achainí, cuireann an Garda Síochána oibríochán náisiúnta mar gheall ar fhormeidhmiú na dteorainneacha luais ar siúl ar feadh tréimhse 24 uaire idir 07.00 r.n Déardaoin an 2 Meitheamh agus 07.00 r.n Aoine an 3 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad béim chomh maith ar fhormeidhmiú na dteorainneacha luais agus cionta eile a d'fhéadfadh saoil a shábhaíl thar an deireadh seachtaine saoire bainc Mheithimh.

Ag an tseoladh, cuireadh i láthair torthaí tosaigh an staidéir phíolótaigh de chuid an RSA mar gheall ar thiomáint ar luas a tharlaíonn ar bhóithre uirbeacha in 2021, agus taispeáintear sa staidéar go bhfuarthas gur sháraigh níos mó ná trí cheathrú (78%) de thiománaithe tar éis an luas teorann de 50 km/u*.

Fuarthas sa staidéar a d'áirigh níos mó ná 5,000 breathnóireacht d'fheithiclí i deireadh fómhair 2021, ó thaobh an deireadh seachtaine de, thiomáin 75% de thiománaithe os cionn 50 km/u. Ag an deireadh seachtaine, sháraigh 93% de thiománaithe an teorainn luais. Chonacthas os cionn leath de thiománaithe (51%) a bheith ag tiomáint ag luais de 10 km/u nó níos mó i zóin 50 km/u*.

Anuas air sin, fuarthas san anailís de shonraí cróinéara le haghaidh 2013-2017 agus tá taifead dá gcuid gníomhaíochtaí ar fáil, go raibh ceathrú (25%) de thiománaithe a fuair bás ag dul ar luas neamhshábháilte díreach roimh an t-imbhualadh marfachϮ.

Dúirt Aire Stáit an Ranna Iompair Ms Hildegarde Naughton "Is cúis imní é an méid tiománaithe a chonacthas a bheith ag tiomáint róthapa le linn staidéar an RSA a rinneadh le déanaí i zóin 50 km/u." Bhí sí ag caint ag seoladh na hachainí de chuid sábháilteacht ar bhóithre le linn deireadh seachtain saoire bainc an Mheithimh agus ag lá náisiúnta 'laghdaigh do luas' ag Olllscoil na hÉireann na Gaillimhe. Sin na zóin luais ina mbíonn a lán coisithe, rothaithe agus úsáideoirí leochaileacha eile.  Don Straitéis nua an Rialtais mar gheall ar shábháilteacht ar bhóithre, is príomhthosaíocht í rioscaí a bhaineann le húsáidirí bóthair atá leochaileach a laghdú agus taisteal níos sábháilte agus níos glasa a chur chun cinn. Mar shampla, déantar athbhreithniú ar theorainneacha luais agus féachfaimid an feidir níos mó zón 30 km/u a chur i ngcrích, chomh maith le athbhreithniú ar phíonóis a bhaineann leis an gceist luas a dhéanamh. Beidh teicneolaíocht nua mar gheall ar shábháilteacht feithiclí cosúil le cúnamh luais chliste agus ceamarí meánluais a bheith curtha i bhfeihm ina cúnamh maith chun dochar a bhaineann le cúrsaí luais a sheachaint. Nuair atá na gníomhaíochtaí go leir tábhachtach chun tiomáint ar luas a laghdú ar ár mbóithre, ba cheart go gcuimhneoimis go bhfuil freagrachtaí orainne mar dhaoine agus mar shochaí ár luas a laghdú chun muid féin agus úsaidirí bóthair eile a chosaint."

Chun an bhéim a leagadh ar dháinséirí de thimpistí a bhaineann le cúrsaí luais ar bhóithre tuaithe dúirt Ms Liz Ó Donnell, Cathaoirleach de chuid an Údarás um Shábháilteacht ar bhóithre: "Dá mhéad deifir a bhíonn ort agus tú ag tiomáint, tá níos mó seans go dtarlódh imbhualadh bóithre, a d'fhéadfadh bás nó gortú tromchúiseach a tharla mar thoradh air. Impín ar thiománaithe a gcarr a mhoilleadh agus dul ar luas atá cuí i dtaobh na gcoinníoll. Ba cheart a admháil go ndéanann fórmor na dtiománaithe an rud ceart agus tiomáineann siar ar luas cuí. Bíodh sin mar atá, tá roinnt tiománaithe a dhéanann neamhaird de na teorainneacha luais atá againn, mar sin cuireann siad iad féin agus daoine eile i mbaol.  Is iompar dáinséarach seo go háirithe ar bhóithre tuaithe a mbíonn luais níos mó iontu, bóithre a bhíonn caol go minic agus d'fhéadfadh na castaí agus cúinní radharc an thiománaí a laghdú. Tharla os cionn trí cheathrú (77%) de thiománaithe a fuair bás de bharr thiomáint ar luas ar bhóithre tuaitheϮ. Níl aon lamháil earráide ar na bóithre seo agus is de bharr sin go gcaithfidh tiománaithe an luas a laghdú nuair atá siad á n-úsáid. Má mhoileann tú, tugann tú níos mó ama duit chun freagairt ar rud éigin nach raibh tú ag súil leis thar an gcúinne, cosúil le tarracóir ag teacht amach nó dream rothaithe a bheith ann."

Dúirt Paula Hilman, Leaschoimisinéir an Chóir tráchta i mBiúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal  "Iarraimid ar na tiománaithe go léir tacaíocht a thabhairt dár lá náisiúnta 'laghdaigh do luas' ní hamháin ar an lá féin, ach chuile lá. Má mhoillimid go léir bidín, is féidir linn difríocht mór a dhéanamh. Measann an eagraíocht Dhomhanda sláinte (2017) go d'fhéadfadh laghdú meánluais de 5% laghdú de 30% a tharraingt i dtimpistí marfacha, agus ar an ábhar sin gur cuid fíorthábhachtach an laghdú luais chun feabhas a chur ar ár mbóithre. Cuimhnigh nach fiú tiomáint ar luas an bás duine nó gortú tromchúiseach a d'fhéadfadh a tharla dá bharr, agus nach fiú é an riosca do cheadúnas a bheith aisghairmthe uait - má aimsítear gur sháraigh tú an teorainn luais, gheobhaidh tú trí phointe pionóis ar do cheadúnas, má fhaigheann tú 12 phointe laistigh de thrí bliana, aisghairmeofar do cheadúnas ar feadh 6 mhí. Tá tairseach níos lú de 7 bpointe i gceist le tiománaithe faoi oiliúnt. Smaoinigh ní hamháin ar thionchar an dícháilithe a bheadh ar do ghnáthshaol ach ar na daoine a mbraitheann ort - teaghlach, cairde, páirtithe chéile."

Dúirt Mr Sam Waide, POF an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre  "Taispeánadh dúinn arís is arís go rómheasann tiománaithe an méid ama gurbh fheidir leo a shábháil má thiomáineann siad ar luas.  Glaoitear an mhíthuairim luais air seo. Bíonn an méid ama is inbhraite ag an tiománaí nios mó ná an méid ama a shábháiltear i ndáiríre, ní shábháiltear ach méid ama imeallach. Mar shampla, má dhéanann tú aistear 14 km ar mheánluas de 90 km/u in áit 80 km/u, ní shábháileann tu ach 1 nóiméad 8 seicind. Mar sin, cé go sábháileann tú nóiméad nó dhó, cuireann tú i mbaol do cheadúnas agus do shlí bheatha."

Tugtar cuireadh do ranna rialtais, údáráis áitiúla, oibritheoirí flít poiblí agus príobháideacha chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh tríd an bpríomhtheachtaireacht a scaipeadh i measc na bhfostaithe agus sa chás go bhfuiltear ag tiomáint chun críocha gnótha nó príobháideacha, tiomáint ar luas faoin teorainn, agus ag luas cuí do na coinníollacha atá ann.

Beidh i gceist le forfheidhmiú luais le linn lá 'laghdaigh do luas' forfheidhmiú atá sofheicthe in 1,322 zóin forfheidhmithe luais. Spreagfaidh an tÚdarás um Shábháilteacht ar bhóithre feasacht ar an bhfeachtas forfheidhmithe trí fhoghraíocht a dhéanamh ar an raidió náisiúnta, ar an raidió áitiúil agus ar na meáin shóisialta.

Tugtar meabhrúchán do thiománaithe le linn an deireadh seachtaine saoire bainc Mheithimh seo go mbeidh an RSA agus stáisiúin pheitril a bhfuil ag glacadh páirt sa scéim chun cupáin chaife a thabhairt do thiománaithe chun dul i ngleic le tuirseacht tiománaí. Tá an tairscint seo ar fáil idir 2i.n agus 8i.n ar an Aoife an 3ú lá agus ar an Luain an 6ú Meitheamh.

Go dtí seo in 2022 fuair 70 bás ar na bóithre. Sin méadú de 26 bás i gcomparáid leis an dáta céanna anuraidh.

Straitéis sábhailteachta ar na bóithre de chuid na hÉireann.
Tá sé mar aidhm ar an gcúigiú Straitéis um Shábháilteacht ar bhóithre de chuid na hÉireann 2021-2030 an méid básanna agus gortaithe tromchúiseacha a tharlaíonn ar bhóithre na tíre a laghdú faoi 50% thar an 10 mbliana seo atá romhainn amach. Ciallaíonn sin an méid básanna ar bhóithre na hÉireann a ísliú ar bhonn bliantúil ó 144 go 72 nó méid níos lú agus gortaithe tromchúiseacha a laghdú ó 1,259 go 630 nó níos lú faoi cheann 2030. 

Is í an stratéis seo an chéad cheim chun an Clár Rialtais 2020 a bhaint amach mar gheall ar a ghealltanas chun Éire a thabhairt go 'Fís náid'. Tá sé mar aidhm ag an straitéis deireadh a chur le bás ar na bóithre agus gortaithe tromchúiseacha faoi cheann 2050.

 *Torthaí tosaigh an staidéir phíolótaigh ar bhóithre uirbeacha in 2021. Bhí an fhaisneis bailithe ag 11 suíomh bóíthre baile ag Bailiú Sonraí na hÉireann a d'úsáid measíní a chomhairíonn an trácht go huathoibríoch. Tharla an obair allamuigh seo thar thréimhse 9 lá i nDeireadh Fómhair 2021. Mar thoradh ar an obair, breathnaíodh ar os cionn 5,000 feithiclí (gluaisteáin paisnéirí, rothair soghluaiste, mórfheithiclí earraí agus HGVanna) a bhí ag tiomáint i gcoinníollacha tráchta éasca.

ϮAnailís de shonraí cróinéara le haghaidh básanna úsáidirí bóthair a tharla idir 2013-2017.

 
Nótaí 

 

  1. Sonraí an cróinéara le haghaidh básanna tiománaithe a thiomáin ar luais neamhshábháilte (2013-2017 HRB NDRDI)

     

    • Fuarthas san anailís de shonraí cróinéara idir 2013-2017 agus tá taifead dá gcuid gníomhaíochtaí ar fáil, go raibh ceathrú (25%) de thiománaithe a fuair bás ag dul ar luas neamhshábháilte díreach roimh an t-imbhualadh marfach.

       

    • Bidín faoi dhá thríú (64%) de na básanna tiománaithe seo, bhí carr i gceist, agus bhí nios lú ná tríú (29%) ag dul ar ghluaisrothar.

       

    • B'fhir iad 9 as 10 de na básanna tiománaithe a thiomáin os cionn luas sábháilte, agus 72% dóibh a bhí thíos 35 bliain d'aois.

       

    • Bidín os cionn thrí cheathrú (77%) de na básanna tiománaithe seo; tharla siar ar bhóithre tuaithe (i.e. bóithre a raibh teorainn 80 km/u nó níos mó). Tharla tromlach na gcásanna (57%) idir Aoine agus an Domhnach.

       

  2. Fuarthas sa suirbhé a rinne i 2021 ar son an Údaráis um Shábháilteacht ar bhóithre (RSA) gur admháil triú de thiománaithe (32%) teorainneacha 50 km/u a shárú níos mó ná 10 km/u ar a laghad uaireanta, nuair a dúirt a mhacasamhail méid daoine (30%) go raibh sé inghlactha teorainn luais de 50 km/u a shárú níos mó ná 10 km/u. Is zóin luais iad a mbíonn in úsáid ag coisithe agus rothaithe go minic.


1Tábla 1. Básanna agus gortaithe tromchúiseacha a tharla thar an deireadh seachtaine saoire bainc Mheithimh 2017 - 2021

Bliain Básanna Gortaithe tromchúiseacha Dátaí i gceist (Aoine-Luain)
2017 6 15 2-5 Meitheamh
2018* 1 19 1-4 Meitheamh
2019* 4 18 31 Bealtaine - 3 Meitheamh
2020* 0 11 29 Bealtaine - 1 Meitheamh
2021* 2 14 4-7 Meitheamh
Iomlán 13 77  

Sonraí ceart ón 1 Meitheamh 2022. Sonraí sealadacha atá ann agus faoir réir athrú.