Skip to Content

Tá an tAire Naughton chun na fineálacha a dhúbáilt le haghaidh cionta tráchta ar leith

road safety strategy 26.07.2022
  • Tá an RSA agus An Garda Síochána ag impí ar úsáideoirí bóthair chun tiomáint go cúramach le linn an tsamhraidh díreach nuair a thosaíonn buaicphointe shéasúr an tsamhraidh.
  • Ba é Lúnasa 2021 an mí ba mheasa a bhí le 10 mbliana anuas maidir le básanna a tharla de bharr na mbóithre, fuair 22 duine bás an mhí sin. 
  • Fuair 94 duine bás agus bhí 673 gortaithe go tromchúiseach go dtí seo i 2022 – Is ionann sin 42% de mhéadú mar gheall ar líon na mbásanna
  • D’fhógair An Garda Síochána 61 zón ina mbeidh ceamraí slándála nua ann, agus dá bharr sin beidh an méid iomlán de cheamraí 1,373
  • Cuirfidh an RSA tús le feachtas nua chun an bhéim a leagan ar ‘an mhíthuairim luais’
  • Táthar ag impí ar úsáideoirí bóthair go n-úsáidfeadh daoine ar bhealach ciallmhar na bóithre agus go moillfeadh gach duine síos orthu

Tá an tAire stáit sa Roinn iompair, Ms. Hildegarde Naughton chun roinnt rialachán a thabhairt isteach agus beidh toradh ar na rialacháin sin go dúbáilfidh na muirir seasta a a bhaineann le cionta bóithre ar leith; lena n-áirítear tiomáint ar luas, úsáid an fóín agus gan an crios sábhála a úsáid. Beidh toradh air seo go méadóidh an muirear seasta le haghaidh tiomáint ar luas ó €80 go €160 agus go dúbáilfidh an muirear seasta le haghaidh an úsáid fóin le linn tiomána nó gan an crios sábhála a úsáid go €120. Dúbáilfí na muirir seasta le haghaidh cionta eile a chuireann slándáil na n-úsáideoirí leochaileacha i mbaol. 

Rinneadh an fógra ag achainí an Gharda Síochána agus an Údaráis um Shábháilteacht ar bhóithre (RSA), imeacht a tharla i lár an tsamhraidh chun úsáideoirí bóithre a spreagadh na bóithre a úsáid go cúramach agus chun tiománaithe a spreagadh chun moilleadh síos díreach nuair atá séasúr saoire an tsamhraidh faoi lánseoil.

Tharla an t-imeacht in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Litir Cheanainn Dún na nGall agus an sprioc a bhí aige meabhrúchán a thabhairt d’úsáideoirí bóithre go gcaithfidh siad a bheith ag súil le níos mó tráchta a bheith ann, ní hamháin thar an deireadh seachtain saoire bainc Lúnasa, ach le linn Lúnasa ar fad toisc go mbíonn turasóirí agus daoine ar saoire ag úsáid na mbóithre le linn an tréimhse fhíorchontúirteach seo.

Rinneadh taifead den mí ba mheasa a raibh ann le 10 mbliana anuas i Lúnasa 2021, líon suntasach de 22 duine a fuair bás sa mhí sin. Cheana féin i 2022 tá méadú de 42% i líon na mbásanna má chuireann tú an tréimhse chéanna i 2021 i gcompáráid leis seo. Fuair 94 duine bás ar na bóithre i mbliana go dtí seo, ciallaíonn sin méadú de 28 daoine a fuair bás.

Nuair a bhí an tAire Stáit ag an Roinn Iompair, Ms. Hildegarde Naughton ag caint ag seoladh an achainí Sábháilteacta ar bhóithre ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh contae Dhún na nGall, dúirt sí an méid seo: “Tá imní an domhain orm de bharr an méid ard de bhásanna a tharla ar ár mbóithre i mbliana.. Ní mór dúinn beart a dhéanamh chun aon mhéadú eile a chosc. Dá bhrí sin, beidh mé chun na fineálacha a dhúbáilt le haghaidh cionta bóithre a chuireann tiománaithe, coisithe agus rothaithe i mbaol.  Mar shampla dúbáilfidh an fhineáil le haghaidh tiomáint ar luas go luath ó €80 go €160 agus dúbailfí an fhíneáil le haghaidh úsáid fóin nuair atáthar ag tiomáint nó gan an crios sábhála a úsáid go €120. Beidh mé chun na fineálacha a chuireann slándáil ár bpáistí a bhíonn ag súil, ag rothaíocht, nó ag scútáil i mbaol. Beidh éifeacht díspreagthach láidir ag an méadú fíneála ar dhaoine a sháraíonn rialacha tarrthála an bhóthair.”

Lean sí ag caint agus dúirt an tAire Naughton “Tá Lúnasa ag druidim linn, am gnóthach den bhliain agus mar sin is tréimhse fhíorchontúirteach í. Am bisiúil is ea an samhradh nuair a bhíonn a oiread daoine ag dul ar saoire chun áiteanna nua agus cinn a mbíonn aithne again orthu a thaisceáil ar fud na hÉireann, ach ní mór dúinn muid féin a choimeád slán ar an mbóthar. Is mí gnóthach é Lúnasa chomh maith maidir le hoibreacha bóthair agus úasghráduithe slándála mar sin impím ar thiománaithe a bheith ar an airdeall faoi na daoine atá ag obair chun caighdeán ár mbóithre, ár gcosáin agus ár lánaí rothair a fheabhsú.”

Dúirt Ms Liz O’Donnell, Cathaoirleach, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Tá méadú úafásach tar éis tarlú i mbliana mar gheall ar thráma bóthair. Fuair 94 duine bás agus gortaíodh go tromchúiseach 673. Táimid go léir freagrach as stop a chur leis an treocht sin go bhfuil timpistí bóithre ag dul i méid. Ba mhaith liom cinneadh an Aire fineálacha do thiománaithe a bhriseann rialacha bóithre lena sábháiltear daoine a dhúbhailt. Tá an iomarca daoine á marú agus á ngortú go dona agus ní mór dúinn beart a dhéanamh chun an tráma a fhualaingíonn teaglaigh mar gheall air sin a laghdú.”

Dúirt Liz O'Donnell, “Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun feachtas nua a sheoladh chun aird a tharraingt ar 'Bhréag an Luais' mar a thugtar air. Séard atá i gceist le 'Bréag an Luais' go gcreidtear go sábháiltear go leor ama trí bheith ag dul róthapa ar thuras cé nach sábháiltear ach achar beag bídeach, nóimead nó dhó ar a mhéad ar ghnáth-thuras.”

Mar fhocal scoir, dúirt sí, “Táimid ag druidim le príomh-thréimhse laethanta saoire an tsamhraidh agus ba cheart go mbeadh úsáideoirí bóithre ag súil le méadú tráchta agus baol méadaithe dá bhrí sin ar an mbóthar. Táimid ag iarraidh ar gach úsáideoir bóithre cuimhneamh air sin. Is í an chomhairle atá againn do gach úsáideoir bóithre bheith san airdeall ar dhainséar agus bheith ag súil leis an rud nach bhfuiltear ag súil leis ar an mbóthar.”

Dúirt Leas-Choimisinéir Paula Hilman, Póilíniú Bóithre agus Teagmháil Phobail, an Garda Síochána: “Tá méadú uafásach ar líon na dteagmhas ar na bóithre i mbliana. Tá a fhios againn go mbeidh daoine ag tnúth leis an mbóthar a bhualadh agus sult a bhaint as an dara leath den samhradh, ach ba mhaith linn go ndéanfaí sin ar bhealach freagrach. Cúis bróin í gur thug an Garda Síochána cuairt ar 94 teaghlach i mbliana cheana féin chun an nuacht thubaisteach a thabhairt gur cailleadh duine muinteartha leo.

Leanfaidh an Garda Síochána lenár gcuid dlíthe maidir le trácht ar na bóithre a chur chun feidhme agus táimid tiomanta don fhorfheidhmiú agus d'fheiceálacht an Gharda ar na bóithre a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar líon na mbásanna ar na bóithre atá ag dul i méid i mbliana agus atá ina ábhar imní dúinn."

Dúirt Leas-Choimisinéir Hilman freisin, “Tá áthas orm a fhógairt mar sin, óna sé a chlog maidin inniu, tá 61 crios nua ceamara sábháilteachta tar éis teacht i bhfeidhm, lena dtugtar líon iomlán na gcriosanna ceamara sábháilteachta go 1,373 go náisiúnta. Tá míthuiscint fhorleathan ann gur modh chun ioncam a thabhairt isteach iad na ceamaraí luais. Ní chlúdaíonn an t-ioncam ó na fíneálacha ach leath den chostas ar fheidhmiú foriomlán an chórais. SÁBHÁLANN ceamaraí sábháilteachta DAOINE. Ar bhonn na fianaise a d'eascair ó thaighde roimhe seo, léiríodh gur sábháladh beagnach 24 duine gach bliain de bharr a n-úsáidte.”

De réir figiúirí a chuir an Garda Síochána ar fáil maidir le bearta forfheidhmithe go dtí seo i mbliana go 15ú Iúil, brathadh 88,368 tiománaí ag dul róthapa, brathadh 10,531 duine agus fón póca ina láimh, brathadh 3,409 tiománaí nach raibh crios sábhála á iompar acu, brathadh 2,898 tiománaí faoi thionchar an óil, agus brathadh 1,670 duine faoi thionchar drugaí.

Dúirt Mr Sam Waide, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Agus muid ag druidim le príomh-mhí saoire an tsamhraidh, beidh na bóithre gnóthach le daoine ar laethanta saoire ó Éirinn, ó Thuaisceart Éireann, agus ó thíortha eile. Beidh na bóithre gnóthach le daoine ag taisteal chun teacht le chéile, chun fresatal ar imeachtaí spóirt, ar fhéilte, agus le feithiclí talmhaíochta ag tabhairt isteach an fhómhair, le rothaithe, le coisithe, agus le leanaí ar saoire samhraidh. Táim ag achainí ar gach duine a úsáideann na bóithre an bóthar a roinnt go sábháilte, meas a thabhairt ar dhaoine eile ar an mbóthar agus, an rud is tábhachtaí, dul níos moille. Is fearr teacht beo ná gan teacht ar chor ar bith.”

Dúirt an tUasal Waide freisin, “Is cúis mhór imní dúinn líon na mbásanna agus na ndrochghortuithe atá tar éis tarlú ar na bóithre i mbliana cheana féin. Tá baol ann go dtiocfaidh moill ar an dul chun cinn atá déanta maidir le sábháilteacht ar bhóithre leis na blianta beaga anuas.  Fuair ochtar bás le linn Lá Saoire Bainc Mhí Mheithimh i dtimpistí bóthair, agus ba cheart go mbeadh daoine ag baint sult as an deireadh seachtaine fada sin seachas a bheith i mbun tragóid a fhulaingt. Oibrímis go léir le chéile chun tubaistí mar sin a sheachaint ionas go mbeimid in ann fanacht slán agus sult a bhaint as an gcuid eile den samhradh.”

Meabhraítear do thiománaithe an Deireadh Seachtaine Bainc Lúnasa seo go bhfuil an tÚdarás agus stáisiúin seirbhíse Applegreen rannpháitíocha ag cur cupáin caifé saor in aisce ar fáil do thiománaithe chun tuirse tiománaí a sheachaint. Beidh an tairiscint ar fáil ó 2pm go 8pm Dé hAoine an 29ú Iúil agus Dé Luain, an chéad lá de mhí Mheithimh.

Beidh an tÚdarás ag dáileadh cupáin in-athúsáidte atá saor in aisce freisin ag siopaí Applegreen ar leith Dé hAoine an 29ú Iúil. Tabhair cuairt ar cheann de na siopaí a leanas chun do cheannsa a éileamh:

  • Lusca Thuaidh M1 - Baile Átha Cliath
  • Applegreen Bhaile an Mhóintigh - Baile Átha Cliath
  • Applegreen Chúirt Bhia Midway - Port Laoise - Laoise
  • Applegreen Léim Uí Bhriain - Port Láirge
  • Bóthar Thuama - Gaillimh

Nótaí

Básanna ar Bhóithre suas go 25 Iúil 2022. Fuair 94 duine bás ar na bóithre i mbliana go dtí seo, is é sin 28 duine níos mó ná sa tréimhse chéanna anuraidh. 46 tiománaí, 17 gluaisrothaí, 15 coisí, 13 paisinéir, 2 rothaí and 1 úsáideoir scútair leictrigh a fuair bás ar ár mbóithre in 2022.

Bearta forfheidhmithe an Gharda ó 1 Eanáir go 15 Iúil 2022

2022 do dtí seo             Criosanna Sábhála             Fóin Phóca                 Ag dul Róthapa             Tiomáint faoi thionchar Óil      Tiomáint faoi thionchar Drugaí
Náisiúnta 3,409 10,531 88,368 2,898 1,670

Straitéis na hÉireann um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Tá sé mar aidhm ag an gcúigiú Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 líon na mbásanna agus na ndrochghortuithe ar bhóithre na hÉireann a laghdú 50% sna 10 mbliana atá romhainn. Ciallaíonn sé sin básanna bliantúla ar bhóithre na hÉireann a laghdú ó 144 go 72 nó níos lú ná sin, agus tromghortuithe a laghdú ó 1,259 go 630 nó níos lú ná sin faoi 2030. 

'Séard atá sa straitéis an chéad chéim chun an gealltanas i gClár an Rialtais 2020 a bhaint amach Éire a thabhairt go dtí 'Fís a Náid'. Is é sin deireadh a chur le gach bás agus le gach tromghortú ar bhóithre Éireannacha faoin mbliain 2050.