Skip to Content

Tá an RSA tar éis moladh do mhic léinn lá na dtorthaí a cheiliúradh ar bhealach slán sábháilte

Education 01.09.2022

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) ag gairm ar mhic léinn na hArdteistiméireachta ceiliúradh a dhéanamh ar bhealach sábháilte agus freagrach anois agus iad ar tí na torthaí scrúdaithe a fháil Dé hAoine an tseachtain seo, an 2 Meán Fómhair.

Cé go mbeidh go leor daoine ag déanamh an cheiliúrtha ina gceantair féin, beidh sé beartaithe ag cuid acu taisteal chuig féilte ceoil ar nós an ‘Electric Picnic’ an deireadh seachtaine seo.

Dúirt an tUasal Sam Waide, Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na mic léinn go léir a bheidh ag fáil a gcuid torthaí Ardteiste. D’oibrigh sibh go léir chomh dian sin chun teacht go dtí an pointe seo agus ba mhaith linn sibh a ghríosú chun an éacht atá déanta agaibh a cheiliúradh ach é sin a dhéanamh ar bhealach atá freagrach, mura miste libh.”

Dúirt an tUasal Waide freisin, “Ná téigh sa seans mura gá duit, ar eagla go gcuirfeadh an chéad chéim eile de do shaol i mbaol nó i gcontúirt. Más rud é go bhfuil sé beartaithe agat dul amach chun ceiliúradh a dhéanamh, bí cliste, déan an phleanáil roimh ré le bheith cinnte go dtiocfaidh tú abhaile slán sábháilte. Bain úsáid as iompar poiblí nuair is féidir, agus sa chás go bhfuil tú chun síob á fháil ó chara agat, déan cinnte nach bhfuil alcól nó drugaí ólta acu, agus ná dearmad crios sábhála a chaitheamh, le do thoil. Molaimid do thuismitheoirí a bpáirt a ghlacadh freisin trí chabhrú leis an aosach óg atá i do theach féin an bealach abhaile a phleanáil ar bhealach a dtugtar aird ar an tsábháilte.”

Tá roinnt nodanna maithe ag an RSA do na mic léinn chun cuidiú leo an ceiliúradh a dhéanamh go slán sábháilte:

  • Bain úsáid as iompar poiblí má tá sé ar fáil agus cinntigh go bhfuil fhios agat cad é am an bhus deiridh, an DART deiridh nó an Luas deiridh ionas nach mbeidh fágtha ag feitheamh gan síob ag deireadh na hoíche.
  • Má tá sé beartaithe agat féin nó ag duine de do chairde tiomáint, déan cinnte nach dtógann an té atá ag tiomáint aon alcól ná drugaí.
  • Ná déan dearmad, sibhse a bhfuil Ceadúnas Tiomána agaibh, nach mór díobh a bheith in éineacht le tiománaí a bhfuil ceadúnas iomlán aige le breis agus dhá bhliain anuas.
  • Más i gcarr a bheidh tú, ná dearmad crios sábhála a chur ort, is cuma más chun tosaigh sa charr nó sa chúl atá sibh, agus ní bhfuair tiománaí bás riamh as a rá le cara crios sábhála a chaitheamh.

Go dtí seo, in 2022, fuair 107 duine bás ar na bóithre in Éirinn, sin 15 níos mó ná an tréimhse chéanna in 2021.

An Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre in Éirinn

Is éard is aidhm leis an Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2021-2030, an gcúigiú ceann atá curtha i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann, ná an líon daoine a bhfaigheann bás nó a ghortaítear go dona iad ar bhóithre na hÉireann a laghdú faoi 50% thar na 10 mbliana amach romhainn. Tá sé i gceist leis sin nach mór an líon básanna a tharlaíonn ar bhóithre na hÉireann gach bliain a laghdú ó 144 go 72 nó níos lú, agus an líon gortuithe tromchúiseacha a laghdú ó 1,259 go 630 nó níos lú faoi 2030. 

Is í an straitéis an chéad chéim chun an gealltanas atá tugtha i gClár an Rialtais 2020 chun ‘Fís Nialas’ a bhaint amach in Éirinn. Is éard is cuspóir ann ná deireadh a chur le gach uile eachtra den bhás agus den ghortú thromchúiseach ar na bóithre in Éirinn faoin mbliain 2050.