Skip to Content

Tacaíonn an Garda Síochána le teachtaireachtaí úrnua um shábháilteacht ar bhóithre ó mhic léinn óga roimh Oibríocht Phóilínithe Bóithre Naomh Bríde 2024

road safety 02.02.2024

Beidh Oibríocht fhorleathan Phóilínithe Bóithre an Gharda Síochána ag titim amach i rith Dheireadh Seachtaine Saoire Bhainc Naomh Bríde seo idir 7r.n. Déardaoin, an 01/02/24 agus 7r.n. Dé Máirt, an 06/02/24.

Léiríonn ár sonraí gurb airde an baol go dtarlóidh imbhualadh tráchta bóthair marfach nó gortú tromchúiseach idir 12:00 agus 15:00 uair le linn Deireadh Seachtaine Saoire Naomh Bríde agus go bhfuil an baol go dtarlóidh imbhualadh tráchta bóthair marfach nó gortú tromchúiseach is airde ar an Aoine Deireadh Seachtaine Saoire Naomh Bríde.

D’impigh an Garda Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (an RSA) inniu, an 1ú Feabhra 2024, agus iad ag labhairt i measc mic léinn ag Ollscoil Luimnigh, ar thiománaithe tiomáint go sábháilte agus gan aon rud ag cur isteach orthu an deireadh seachtaine saoire bhainc seo. Bíonn Deirí Seachtaine Saoire Bainc ar cheann de na tréimhsí is gnóthaí ar bhóithre na hÉireann, agus bíonn an baol is mó lena linn go mbítear bainteach in imbhualadh marfach nó tromchúiseach um thrácht ar bhóithre.

I mí Eanáir 2024, maraíodh 18 dhuine in imbhuailtí ar bhóithre na hÉireann, ar laghdú de dhuine amháin ar an líon a maraíodh sa tréimhse Eanáir 2023 agus méadú de 4 dhuine ar Eanáir 2022.

Beidh an Garda Síochána ag díriú i rith an deireadh seachtaine ar na ceithre chion tarrthála: (1) Tiomáint faoi thionchar an óil; (2) Tiomáint ar luas (3) Úsáid gutháin phóca (4) Cionta crios sábhála.

Athshamhlú ar Shábháilteacht ar Bhóithre:
Bhí mic léinn gnó Ollscoil Luimnigh a bhí páirteach i dtionscadal comhoibritheach idir Ollscoil Luimnigh, an Garda Síochána agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, arbh é a aidhm sábháilteacht ar bhóithre a athshamhlú trí mhargaíocht chomhaimseartha agus chun réitigh a fhorbairt chun tionchar dearfach a imirt ar iompar tiománaithe, i dteannta an Gharda Síochána agus an RSA inniu ag cruinniú faisnéise meán an lae inniu.

I measc na smaointe don tionscadal, bhí, ‘comparáid a dhéanamh idir an bóthar agus an fhaiche’, ‘d’fhéadfadh an bás bheith mar thoradh ar shiabhrán amháin’, agus rudaí eile. Cuirfidh an Garda Síochána leis na teachtaireachtaí seo i measc a ardáin mheán sóisialta.

Tiománaithe Óga:
De réir thaighde an RSA, ba í an aois a raibh an baol ba mhó rompu in 2023 i measc úsáideoirí bóithre ná iad siúd 16-25 bliain. Maraíodh 26% den líon iomlán daoine sa ghrúpa seo (48 duine), agus tháinig méadú foriomlán 23 duine ar an líon úsáideoirí bóithre a maraíodh i gcomparáid le 2022*.

Cúlra:
Thit an méid seo a leanas amach i rith thréimhse 5 lá dheireadh seachtaine saoire bhainc Naomh Bríde (7r.n. Déardaoin, an 02/02 go 7r.n. Dé Máirt, an 07/02, an dá lá sin san áireamh):

  • 1 imbhualadh marfach inar maraíodh duine amháin agus inar gortaíodh duine amháin go trom
  • 16 imbhualadh ba chúis le gortú trom ónar eascair 16 ghortú throma bhreise
  • Gabhadh 167 tiománaí ar amhras de bheith ag Tiomáint faoi Thionchar Óil/Drugaí
  • Braitheadh 35% de Thiomáint faoi Thionchar Drugaí
  • Thit 20% de na gabhálacha amach idir 6r.n. agus 2i.n.
  • Tugadh faoi bhreis agus 1,100 Seicphointe Sainordaitheach ar Dheochanna Meisciúla (MIT)
  • Braitheadh breis agus 2,700 tiománaí ag tiomáint ar luas
  • Braitheadh cionta crios sábhála i measc 80 tiománaí
  • Braitheadh 255 tiománaí agus guthán póca á úsáid acu
  • Eisíodh 177 Fógra Muirir Sheasta (FCN) do Thiománaithe faoi Oiliúint  Neamhthionlactha agus urghabhadh 101 feithicil ó thiománaithe faoi oiliúint faoi Alt 41 den Acht um Thrácht ar Bhóithre
  • Urghabhadh 174 feithicil nach raibh árachas acu faoi Alt 41 den Acht um Thrácht ar Bhóithre Urghabhadh 222 feithicil sa bhreis nach raibh cáin bóthair íoctha dóibh.

Dúirt an tArd-Cheannfort Derek Smart: "Tá bealaí nua agus cruthaitheacha á bhfiosrú ag an nGarda Síochána i gcónaí chun impí ar an bpobal tiomáint go sábháilte. Imríonn an obair a chruthaigh na mic léinn in Ollscoil Luimnigh tionchar mór agus tá súil againn go rachaidh sé i gcion ar thiománaithe óga. Impímid ar gach duine fud fad na tíre aire a thabhairt dá chéile ar an mbóthar an deireadh seachtaine seo. Is mó an baol roimh ghortú marfach agus tromchúiseach i rith tréimhsí deirí seachtaine saoire bainc. Ná tiomáin riamh faoi thionchar an óil/drugaí, tiomáin ar luas cuí, caith do chrios sábhála i gcónaí agus ná húsáid do ghuthán póca agus tú ag tiomáint.”

Dúirt an tUasal Sarah O’Connor, Stiúrthóir Comhpháirtíochtaí agus Gnóthaí Seachtracha, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre: "Is deas agus is ábhar faoisimh a thabhairt faoi deara go bhfuil tionscnaimh nua agus nuálacha um shábháilteacht ar bhóithre á gcur i láthair anseo inniu ag Ollscoil Luimnigh. Is eol dúinn go mbíonn na bóithre an-ghnóthach ar deirí seachtaine saoire bainc agus gur tráth iad ina mbíonn ardbhaol ann i leith imbhuailtí. Iarraimid ar gach úsáideoir bóithre é seo a chur san áireamh. Ceaptar go mbíonn baint ag cur isteach ar thiománaithe in a mhéid le 30% de na himbhuailtí go léir ar bhóithre. Cuireann úsáid a bhaint as do ghuthán póca go mór isteach ar thiománaithe mar gheall go mbaineann sé go mór dá gcumas monatóireacht a dhéanamh ar an mbóthar amach rompu agus chun freagairt d’aon ghuaiseacha go tráthúil. Ba mhaith linn go mbainfidh daoine taitneamh as an tsaoire bhainc ach é sin a dhéanamh go sábháilte agus gan dul i mbaol gan ghá.”

"De réir an tSuirbhé ar Mheonta agus ar Iompar Tiománaithe 2023 a choimisiúnaigh an RSA, seiceálann 40% de dhaoine óga (faoi aois 35) aipeanna corruair, ar a laghad, agus iad ag tiomáint, i gcomparáid le 25% de na tiománaithe go léir. De bhreis air sin, seolann 22% de dhaoine téacsanna agus iad ag tiomáint corruair, ar a laghad, i gcomparáid le 11% de na tiománaithe go léir. Cuireann an RSA an teachtaireacht ‘an maródh sé thú do ghuthán a chur uait?’ in iúl do gach tiománaí, do thiománaithe óga, ach go háirithe."

Dúirt An Dr Christina O'Connor, Ollamh Comhlach sa Mhargaíocht ag Scoil Ghnó Uí Chionnaith, Ollscoil Luimnigh agus comhbhunaitheoir an tionscadail Athshamhlú ar Shábháilteacht ar Bhóithre: "Is é an tionscadal Athshamhlú ar Shábháilteacht ar Bhóithre scoth an oideachais ollscoile. Tá sé feidhmeach, imríonn sé tionchar, agus tá dáimh ag mic léinn leis atá ag foghlama conas tiomáint. Bainfidh breis agus 800 mac léinn / úsáideoir bóithre tairbhe i mbliana as obair ar an tionscadal seo, laistigh d’Ollscoil Luimnigh, anuas ar mhic léinn ó Ollscoil Mhá Nuad agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt.

Tháinig an tionscnamh seo ar an saol de bharr go rabhthas meáite ar dhul chun leasa sóisialta, áit níos sábháilte a dhéanamh dár mbóithre agus chun saol daoine a thabhairt slán. Chun seo a dhéanamh, theastaigh ón Sáirsint Tony Miniter agus uaim féin ár mic léinn - na tiománaithe agus na húsáideoirí bóithre amach anseo - a chur i gcroílár an tionscadail seo agus dúshlán a chur rompu sábháilteacht ar bhóithre a dhearadh agus a athshamhlú a chloisfidh, a fheicfidh agus a thuigfidh a bpiaraí, a gcairde, a dteaghlaigh, agus a bpobail fud fad na hÉireann trí fheachtais mhargaíochta a imríonn tionchar.”

Impíonn an Garda Síochána ar gach úsáideoir bóithre gan tiomáint riamh faoi thionchar alcóil nó drugaí, moilliú agus luas a roghnú i gcónaí a oireann do na dálaí tiomána, do chrios sábhála a chaitheamh agus gan guthán póca a úsáid agus tú ag tiomáint.

Meabhraítear do thiománaithe ag Deireadh Seachtaine Saoire Bainc seo Feabhra go bhfuil cupáin chaifé saor in aisce á dtabhairt do thiománaithe ag an RSA agus ag stáisiúin seirbhíse rannpháirteacha Applegreen chun dul i ngleic le tuirse thiomána. Beidh an tairiscint ar fáil idir 2i.n. agus 8i.n. Dé hAoine, an 2ú Feabhra agus Dé Luain, an 5ú Feabhra. Is féidir eolas breise a fháil anseo ar fheachtas Applegreen.

*Tá na figiúirí thuas sealadach agus faoi réir athrú.

Ref: PR21217/2024