Skip to Content

Tá sé á fhógairt ag an Aire Ryan agus an Aire Chambers go gcuirfear oiliúint ar fáil do thiománaithe HGV agus bus ón Úcráin chun cuidiú leo cáilíocht tiomána Éireannach a bhaint amach

road safety 04.05.2023

Tá rialacháin nua sínithe ag an Aire Iompair Eamon Ryan TD, agus ag an Aire Stáit, Jack Chambers TD, faoinar féidir le hÚcránaigh a bhfuil ceadúnas tiomána bus agus leoraí acu a bheith ag obair ar bhonn gairmiúil in Éirinn. Leagtar amach i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cárta Cáilíochta Tiomána) (Daoine ón Úcráin), 2023 an oiliúint éigeantach nach mór a bheith faighte acu siúd a bhfuil ceadúnas bus agus leoraí agus cárta cáilíochta tiománaí de chuid na hÚcráine acu agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

Tháinig Rialacháin ón Aontas Eorpach i bhfeidhm i mí Iúil 2022 lena réitítear an bealach d’Úcránaigh a bhfuil cónaí orthu in Éirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach chun bheith ag tiomáint anseo ar bhonn an cheadúnais tiomána náisiúnta atá acu cheana. Mar sin féin, ní mór Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla a bheith ag duine a bhfuil ceadúnas i gcatagóir C nó D (leoraithe agus busanna) aige nó aici chun na gcineálacha feithiclí sin a thiomáint ar bhonn gairmiúil in Éirinn.

Leis na Rialacháin nua, leagtar amach sa dlí náisiúnta sonraí na hoiliúna éigeantaí agus an ceangaltas iarratas a dhéanamh ar oiliúint. I gcás daoine a bhfuil Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla de chuid na hÚcráine acu, tabharfaidh siad faoi 35 uair an chloig d’oiliúint éigeantach bhreise agus 8 n-uair a chloig de thiomáint faoi mhaoirsiú agus déanfaidh siad an tástáil teoirice tiomána sula bhfaighidh siad cárta cáilíochta tiománaí de chuid na hÉireann nó an Aontais Eorpaigh. Leis na rialacháin sin, réitítear an bealach ionas gur féidir le tiománaithe leoraí agus bus ón Úcráin a bhfuil cónaí orthu in Éirinn faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta an oiliúint is gá a fháil agus iarratas a dhéanamh ar obair in Éirinn.

Dúirt an tAire Eamon Ryan: “Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do thiománaithe ón Úcráin a bhfuil ceadúnas i gcatagóir C nó D agus cárta cáilíochta tiománaí acu cur isteach ar an oiliúint nua seo a bheidh ina bealach chun na fostaíochta dóibh. Bainfidh a lán tionscal ar fud na hÉireann leas as sin, lena n-áirítear cuideachtaí iompair de bhóthar agus cuideachtaí iompair phoiblí a raibh deacrachtaí acu mar gheall ar an nganntanas tiománaithe. Leis na rialacháin seo, léirítear dúthracht an Rialtais maidir le dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus maidir le féachaint chuige go mbeidh teacht aniar inár slabhra soláthair agus inár gcórais iompair phoiblí.”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers: “Cé go raibh Úcránaigh a bhfuil cónaí orthu in Éirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach in ann a bheith tiomáint anseo ó mhí Iúil seo caite, fágann na rialacháin nua seo go réitítear an bealach do thiománaithe leoraí agus bus chun an cháilíocht tiomána Éireannach atá riachtanach a bhaint amach. Tá dhá bhuntáiste ag baint leis sin don stát, mar go dtacaíonn sé lenár n-iarrachtaí níos mó tiománaithe a earcú, agus go gcuidíonn sé le tiománaithe ón Úcráin atá ina gcónaí anseo anois. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh thiománaithe ón Úcráin chuig poist san earnáil iompair sna míonna amach romhainn.”

I gcomhair tuilleadh eolais agus sonraí faoi conas cur isteach ar an oiliúint éigeantach, téigh chuig www.rsa.ie